Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 27/11/2015, 27 Samhain 2015

Príomhthorthaí

Comhdháil Nairobi  

Phléigh an Chomhairle na hullmhúcháin don 10ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, a bheidh ar siúl i Nairobi ón 15 go dtí an 18 Nollaig 2015. 

Phléigh sí straitéis an Aontais Eorpaigh don Chomhdháil, rinne sí measúnú ar an gcothromaíocht fhoriomlán idir na príomheilimintí atá le plé agus bhreithnigh sí na tosaíochtaí a n-oibreofar orthu tar éis Nairobi.

Tá go leor oibre le déanamh fós chun na hullmhúcháin don Chomhdháil Aireachta a bhailchríochnú ionas go mbeidh téacsanna réidh le haghaidh cinneadh polaitiúil i Nairobi. Ní mór dúinn, dá bhrí sin, luí amach orainn féin chun na hullmhúcháin sa Ghinéiv a thabhairt ar aghaidh.” Is mar a sin a labhair Jean Asselborn, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha, Lucsamburg, agus Uachtarán na Comhairle

Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i Nairobi an 15 Nollaig chun ullmhúchán níos cuimsithí a dhéanamh don Chomhdháil.  

Caibidlíocht dhéthaobhach

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar roinnt de na caibidlíochtaí déthaobhacha saorthrádála atá ar siúl faoi láthair lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach” (TTIP) leis na Stáit Aontaithe

"Tá mar sprioc againn i gcónaí comhaontú uaillmhianach cothrom a bhaint amach le linn réimeas Obama,” a dúirt Jean Asselborn. “Ní háil linn comhaontú a dhéanamh ar cibé ar bith praghas, áfach, ach comhaontú domhanda nach mbainfidh ó chaighdeáin na hEorpa.” 

Mheáigh an Chomhairle na hionchais maidir le cainteanna i ndáil le Comhaontú Saorthrádála le Mercosur, an bloc trádála is mó i Meiriceá Theas, chomh maith le caibidlíochtaí éagsúla atá ar siúl le tíortha de chuid na hÁise. Orthu sin, dhírigh sí ar chaibidlíocht saorthrádála leis an tSeapáin agus le comhaltaí ASEAN, (Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas). 

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025