Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12/05/2016, 12 Bealtaine 2016

Na príomhthorthaí

Sé mhí tar éis chruinniú mullaigh Vaileite, mheasamar ár gcur chuige comhcheangailte, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, i gcomhar lenár dtíortha comhpháirtithe. Trí idirphlé ardleibhéil maidir leis an imirce go háirithe, tá torthaí á mbaint amach againn, i gcomhpháirtíocht a mbeidh gach dream in ann tairbhe a bhaint aisti - tíortha tionscnaimh, tíortha idirthurais agus tíortha ceann scríbe.” Sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Imirce agus forbairt

Dhírigh na hairí ar chur chun feidhme phlean gníomhaíochta Vaileite sé mhí tar éis an phlean sin a bheith glactha. Thug siad dá n-aire an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gciste iontaobhais éigeandála don Afraic. Formheasadh cheana tograí ar fiú níos mó ná EUR 750 milliún iad i bhfabhar réigiún na Saiheile agus réigiún Loch Shead, chomh maith le Corn na hAfaice.

Athbhreithníodh freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le hidirphlé ardleibhéil le tíortha comhpháirtíochta. Phléigh an Chomhairle daoine atá easáitithe ina dtír féin agus easáitiú éigeantach freisin, agus mhalartaigh siad tuairimí faoin mbealach is fearr ina bhféadfaí tacú le dídeanaithe agus daoine easáitithe le linn géarchéimeanna fadtréimhseacha.

Athbhreithniú ar an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle i ndáil leis an athbhreithniú ar an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt i bhfianaise cur chun feidhme chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, agus dhá phlé théamacha, ceann ar chlársceidealú comhpháirteach agus ceann ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí.

Chuir an tArdionadaí i bhfáth gur cheart don Aontas leanúint de bheith infheicthe agus rannpháirteach ó thaobh cur chun feidhme chlár oibre 2030. Leag sí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé oibriú lena chéile - an tAontas Eorpach agus na Ballstáit lena chéile - le go mbeadh na hionstraimí forbartha níos éifeachtaí ar an bhfód. Is dul chun cinn mór é an gealltanas atá tugtha ag an gComhairle inniu dlús a chur le clársceidealú comhpháirteach an chúnaimh forbartha ón Aontais agus ó na Ballstáit i ndáil leis sin.

An Afganastáin

Bhuail Eklil Ahmad Hakimi, Aire Airgeadais na hAfganastáine le hairí forbartha an Aontais le linn an lóin. Chuir an tAire Hakimi creat nua náisiúnta na hAfganastáine don fhorbairt i láthair agus leag sé amach clár oibre an rialtais le haghaidh athchóirithe roimh Chomhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin, a bheidh ar siúl ar an 5 Deireadh Fómhair 2016. Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe agus mhol siad leanúint le cur chun feidhme mear na n-athchóirithe sin. Leag an tArdionadaí béim ar an ról leanúnach atá ag an Aontas i gcúrsaí san Afganastáin, ar bhonn polaitiúil agus airgeadais araon, agus EUR 200 milliún sa bhliain á tabhairt aige mar chúnamh forbartha go dtí 2020.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024