Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 23 Bealtaine 2016

Na príomhthorthaí

Straitéis réigiúnach an Aontais Eorpaigh don tSiria agus don Iaráic chomh maith leis an mbagairt ó Da'esh

‘Táimid níos meáite ná riamh ar dheireadh a chur le fulaingt mhuintir na Siria agus na hIaráice. Bheartaíomar ár rannpháirtíocht pholaitiúil a mhéadú d’fhonn tús na hidirthréimhse sa tSiria a éascú agus d’athnuamar ár dtacaíocht do chobhsaíocht na hIaráice.", arsa Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis réigiúnach an Aontais Eorpaigh don tSiria agus don Iaráic agus do bhagairt Da'esh, inar leagadh amach a chuid tosaíochtaí agus é ag obair chun síocháin, cobhsaíocht agus slándáil bhuanseasmhach a bhaint amach sa tSiria agus san Iaráic agus sa mhór-réigiún máguaird.

Tacaíonn an tAontas Eorpach go gníomhach le próiseas as a dtiocfaidh aistriú polaitiúil inchreidte, cuimsitheach sa tSiria, laistigh den Ghrúpa Idirnáisiúnta Tacaíochta don tSiria agus ag tacú le Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura. Ina theannta sin, cuirfidh sé tuilleadh cabhrach daonnúla ar fáil do dhaonra na Siria. Dúirt na hairí go raibh siad ag tacú go láidir le rialtas na hIaráice agus go raibh an-ghá le dlús a chur faoi athchóirithe sa tír. Thug na hairí dá n-aire a thábhachtaí atá sé na limistéir a saoradh ó Da’esh a chobhsú.

Méadóidh an tAontas Eorpach freisin a ghníomhaíocht frithsceimhlitheoireachta agus neartóidh sé a chomhar le tríú tíortha, a chuid oibre i ndáil leis an bhfrith-radacú agus a chuid iarrachtaí chun stop a chur le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

Imirce

Phléigh na hairí na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Rinne siad cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Vaileite a mheas. D’athbhreithnigh siad an dul chun cinn atá déanta maidir le hidirphlé ardleibhéil le tíortha comhpháirtíochta agus an obair leantach le tíortha sa tSaiheil agus i gCorn na hAfraice. Labhair siad freisin faoi chur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc ó mhí an Mhárta 2016 agus leag siad béim ar a thiomanta a bhí siad dul i ngleic le dúshlán na himirce ar bhealach comhpháirteach.

Oibríocht EUNAVFOR MED Sophia

Ghlac an Chomhairle freisin conclúidí maidir le hOibríocht EUNAVFOR MED Sophia, an oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais chun samhail ghnó na líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine a chur ó mhaith i nDeisceart na Meánmhara Láir. Chomhaontaigh an Chomhairle síneadh bliana amháin a chur le sainordú na hoibríochta agus dhá chúram tacaíochta a chur leis: oiliúint a chur ar ghardaí cósta agus ar chabhlach na Libia agus cabhrú chun lánchosc arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar an Mórmhuir amach ó chósta na Libia.

Cruinniú Airí Chomhpháirtíocht an Oirthir

Roimh an Chomhairle, tháinig Airí Eachtracha an Aontais le chéile lena gcomhpháirtithe ón Airméin, ón Asarbaiseáin, ó Bhealarúis, ón tSeoirsia, ó Phoblacht na Moldóive, agus ón Úcráin do 7ú Cruinniú Aireachta bliantúil Chomhpháirtíocht an Oirthir. Phléigh na hairí an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an chláir comhair, chomh maith leis an dul chun cinn madir le hathchóirithe, agus thug siad dá n-aire an méid a chur Comhpháirtíocht an Oirthir le cobhsaíocht sa réigiún. Agus í ag cur críoch leis an gcruinniú, mhol an tArdionadaí a aontaithe a bhí na hairí uile agus a dtiomantas comhchoiteann don chomhpháirtíocht.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025