Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 12 Bealtaine 2016 10:50

Glacann an Chomhairle moladh go leanfar de rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a fheidhmiú

Ar an 12 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme ina leagtar amach cinneadh lena gceadaítear go leanfar derialuithe sealadacha a fheidhmiú ag na teorainneacha inmheánacha faoi dhálaí eisceachtúla.

Ón dáta ar glacadh an moladh ar aghaidh, ba cheart don Ostair, don Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua rialuithe sealadacha iomchuí a fheidhmiú ag na teorainneacha inmheánacha ar feadh uastréimhse sé mhí, ag na teorainneacha inmheánacha seo leanas:

  • an Ostair, ag an teorainn talún idir an Ostair agus an Ungáir agus ag an teorainn talún idir an Ostair agus an tSlóivéin;
  • an Ghearmáin, ag an teorainn talún idir an Ghearmáin agus an Ostair;
  • an Danmhairg, i gcalafoirt na Danmhairge a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an nGearmáin agus ag an teorainn talún idir an Danmhairg agus an Ghearmáin;
  • an tSualainn, i gcalafoirt na Sualainne sna Régiúin Phóilíneachta Siar agus ó Dheas agus ag droichead Öresund;
  • an Iorua, i gcalafoirt na hIorua a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an Danmhairg, an Ghearmáin agus an tSualainn.

Sula dtugtar isteach rialuithe den sórt sin, áfach, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl do na Ballstáit ábhartha atá láimh leo chun a áirithiú nach bhfeidhmeofar rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha ach amháin ag na stráicí sin den teorainn inmheánach a meastar iad a bheith riachtanach agus comhréireach, i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen.

Ba cheart gach rialú teorann a bheith spriocdhírithe agus teoranta ó thaobh raoin, ó thaobh minicíochta, ó thaobh suímh agus amade agus iad a fheidhmiúsa mhéid go bhfuil dianghá leo chun freagairt don bhagairt thromchúiseach a d'fhéadfadh éirí as ghluaiseachtaí tánaisteacha inimirceach neamhrialta, agus chun an beartas poiblí agus an tslándáil inmheánach a choimiriciú.

Ní shamhlaítear leis an moladh go dtabharfaí isteach aon rialú ar phaisinéirí atá ag teacht nó ag imeacht d’aer nó de mhuir ón Ghréig.

Cúlra

Le sásra meastóireachta Schengen, a bunaíodh le Rialachán 1053/2013 ón gComhairle i míDheireadh Fómhair 2013, foráiltear do chur i bhfeidhm rialacha Schengen a fhíorú trí fhoirne ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit cuairteanna faireacháin a thabhairt ar Bhallstát ar leith, agus saineolaithe ina dteannta. Tar éis na gcuairteanna sin, a d'fhéadfadh a bheith fógraithe nó neamhfhógraithe, scríobhtar tuarascáil mheastóireachta Schengen agus comhaontaíonn coiste meastóireachta Schengen, i dteannta na saineolaithe ó na Ballstáit, faoin tuarascáil. Má aibhsítear sa tuarascáil go bhfuil aon easnaimh sa limistéar den Schengen acquis a ndearnadh meastóireacht air, tíolacfaidh an Coimisiún moltaí chuig an gComhairle le go nglacfaidh sí beart ceartaitheach.

Ar an 2 Feabhra, 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta Schengen ar an nGréig agus thíolaic sé moladh chuig an gComhairle le go dtabharfadh sí aghaidh ar easnaimh shonracha i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha. Ar an 12 Feabhra, 2016, ghlac an Chomhairle an moladh sin agus mhol sí don Ghréig beart ceartaitheach a dhéanamh i ndáil leis na heasnaimh sin.

I gcás, tar éis ráithe ón dáta ar glacadh an moladh ón gComhairle, go bhfuil easnaimh thromchúiseacha fós ann agus nach leor na bearta a glacadh, féadfaidh an Coimisiún tús a chur leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen.

Faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, tá cead ag an gCoimisiún moladh a chur chun cinn, a ghlacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, faoinar féidir, mar rogha dheiridh, rialuithe a thabhairt isteach in athuair feadh na teorann mar a ritheann nó feadh stráicí áirithe di, i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Is féidir na rialuithe sin a thabhairt isteach le haghaidh uastréimhse sé mhí. Is féidir tréimhsí sé mhí sa bhreis a chur leo go ceann uastréimhse dhá bhliain.

In ainneoin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an nGréig, níor féadadh aghaidh a thabhairt ar gach easnamh tromchúiseach ar bhealach leordhóthanach agus cuimsitheach laistigh den tréimhse theoranta trí mhí. Dá bhrí sin, ar an 4 Bealtaine 2016, measadh don Choimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le hAirteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, agus thíolaic sé moladh chuig an gComhairle á iarraidh go dtabharfaí tréimhse bhreise do na rialuithe sealadacha a thug cúig stát de chuid Schengen isteach i ndáil leis na teorainneacha inmheánacha.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024