Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 9 Iúil 2020

Príomhphointí an chláir oibre

Tiocfaidh Coiste Míleata an Aontais le chéile ar leibhéal Chinn Chosanta an Aontais. Beidh an Ginearál Claudio Graziano ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

Labhróidh Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le Cinn Chosanta an Aontais.

Pléifidh Cinn Chosanta an Aontais Oibríochtaí Míleata agus Misin Oiliúna an Aontais.

Tabharfar cothrom le dáta iad freisin maidir leis an bhforbairt is déanaí a bhaineann leis an gCompás Straitéiseach agus maidir le héabhlóid struchtúir Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh agus struchtúir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta.

Pléifidh Cinn Chosanta an Aontais staid na himeartha maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, ar a bhfuil an chiall a ceannaíodh cheana féin ó ghéarchéim COVID-19 san áireamh.

Ar deireadh, gheobhaidh na Cinn Chosanta nuashonrú maidir le sreabha imirce agus tabharfaidh siad a dtuairimí ar chúrsaí a bhaineann leis an tslándáil.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025