Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha (cosaint), 16 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Bhí físchomhdháil ag airí cosanta an Aontais, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, chun clár oibre an Aontais maidir leis an tslándáil agus an chosaint a phlé.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chomhaontaíomar go gcuirfimid tús le forbairt an Chompáis Straitéisigh chun an leibhéal uaillmhéine a chomhaontaíomar in 2016 maidir leis an tslándáil agus an chosaint a thiontú i dtreoirlínte beartais níos nithiúla.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ar dtús, phléigh na hairí an chaoi le rannpháirtíocht oibríochtúil an Aontais a neartú, agus luadh na nithe a leanas:

- pearsanra míleata na misin oiliúna a ath-imlonnú, d’fhonn a gcuid gníomhaíochtaí a atosú de réir a chéile
- an gá atá le neart mhisin agus oibríochtaí míleata an Aontais a fheabhsú trí bhunú fórsaí
- a thábhachtaí atá sé Saoráid Síochána Eorpach éifeachtach a bhunú roimh dheireadh na bliana

Ina theannta sin bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cé mar is féidir tionscnaimh chosanta an Aontais a thabhairt chun cinn, tionscnaimh amhail Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) agus Compás Straitéiseach de chuid an Aontais a fhorbairt.

Ar deireadh, phléigh na hairí saincheist na n-acmhainní airgeadais is gá chun tionscnaimh slándála agus cosanta an Aontais a chur chun feidhme, agus aird faoi leith á tabhairt ar an gCiste Eorpach Cosanta, an tsoghluaisteacht mhíleata, agus an tSaoráid Síochána Eorpach.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Roimh fhíschomhdháil na n-airí cosanta bhí cruinniú ag bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.

Phléigh na hairí cosanta rannpháirtíocht oibríochtúil agus tionscnaimh cosanta an Aontais

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025