"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir leis an Tuirc.
Is tír thábhachtach í an Tuirc don Aontas agus ba mhaith linn ár gcaidreamh léi a neartú agus a fhorbairt. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir le luachanna, prionsabail agus leasanna an Aontais.
Ag an am céanna, is ábhar imní an méid atá ag titim amach, go háirithe sa Mheánmhuir Thoir agus maidir leis an Libia,le tionchar ar leasanna an Aontais.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí na Ballstáit go léir ar aon fhocal go raibh an caidreamh idir an tAontas agus an Tuircfaoi bhrú mar gheall ar a bhfuil ag titim amach, ar ábhar imní é, a dhéanann díobháil do leasanna an Aontais, go háirithe sa Mheánmhuir Thoir agus sa Libia. Chomhaontaigh na hairí nach mór don Tuirc aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna tromchúiseacha chun an dinimic achrannach reatha a athrú agus chun timpeallacht a chothú ina mbeidh muinín ag an dá pháirtí as a chéile.
I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce i limistéar eacnamaíoch eisiach na Cipire an 15 Iúil 2019 agus leis an ráiteas maidir leis an Meánmhuir Thoir an 15 Bealtaine 2020, cuireadh i bhfios go láidir nach mór deireadh a chur legníomhaíochtaí aontaobhacha na Tuirce, go háirithe sa Mheánmhuir Thoir, atá ag teacht salach ar leasanna an Aontais, ar chearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta.
D’iarr na hairí ar an Tuirc rannchuidiú go gníomhach le réiteach polaitiúil sa Libia agus na gealltanais a thug sí faoi chuimsiú phróiseas Bheirlína urramú, lena n-áirítear trádbhac arm na Náisiún Aontaithe. Chuir an Chomhairle i dtreis a thábhachtaí atá Oibríocht IRINI chun a chinntiú go n-urramóidh na gníomhaithe uile an trádbhac arm agus gheall siad machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun a lánéifeachtacht a chinntiú, agus é mar aidhm géarú ar an láthair a chosc.
Cháin na hairí freisin an cinneadh ón Tuirc Hagia Sophia a iompú ar ais ina mhosc toisc go méadóidh an cinneadh seo ar an amhras, go gcuirfidh sé deighiltí nua idir pobail reiligiúnacha chun cinn agus go mbainfidh sé an bonn d’iarrachtaí maidir le hidirphlé agus comhar. Bhí tacaíocht fhorleathan ann go n-iarrfaí ar údaráis na Tuirce athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh go práinneach agus an cinneadh a mhalartú.
Ar deireadh, bhí tacaíocht fhorleathan ann go gcuirfí de chúram ar an Ardionadaí féachaint ar bhealaí eile a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an teannas a laghdú agus teacht ar chomhthuiscintí ar shaincheisteanna a bhíonn go minic anois ina straidhn ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc.
Phléigh an Chomhairle an caidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib, i bhfianaise iarmhairtí phaindéim COVID-19.
Phléigh na hairí go háirithe conas is féidir leis an Aontas tacú leis an réigiún d’fhonn rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais leis an réigiún a athbheochan ag an tráth cinniúnach seo.
Cúrsaí reatha
Phléigh na hairí teacht i bhfeidhm na reachtaíochta slándála náisiúnta i Hong Cong. Sa chomhthéacs sin, leag na hairí béim ar thacaíocht an Aontais do neamhspleáchas agus do shaoirsí bunúsacha mhuintir Hong Cong, agus chuir siad i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gcinneadh sin ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín.
Cuireadh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoin Libia, áit a bhfuil an staid ar an láthair fós go dona, agus tá sáruithe follasacha ar an trádbhac arm á dtaifeadadh fós.
Tugadh faisnéis do na hairí freisin faoi fhorbairtí san Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, ar cuireadh tús leis arís le déanaí, agus faoin gcéad chruinniú eile a bheidh aige atá beartaithe don Déardaoin an 16 Iúil sa Bhruiséil.
Ar deireadh, rinne an tArdionadaí tagairt do Veiniséala freisin, a raibh sé beartaithe aige cruinniú aireachta den Ghrúpa Idirnáisiúnta Teagmhála a thionól ina leith, chomh maith le cruinnithe le Grúpa Líoma agus le príomhghníomhaithe eile ina dhiaidh sin.
Conclúidí ón gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.