Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 14 Lúnasa 2020

Na príomhthorthaí

Thug na hairí aghaidh ar na cúinsí práinneacha sa Mheánmhuir Thoir agus sa Bhealarúis tar éis na dtoghchán uachtaránachta an 9 Lúnasa. Phléigh na hairí an staid sa Liobáin, i Veiniséala agus sa Bholaiv freisin.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
D’fhreagair an tAontas d’aon ghuth agus go cinntitheach ar son leasanna agus luachanna an Aontais, laistigh den Aontas agus lasmuigh dár dteorainneacha. Seasfaimid i gcónaí leis an dlí idirnáisiúnta, leis an daonlathas, le cearta an duine agus le saoirsí.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An Mheánmhuir Thoir

Phléigh na hairí an staid mar atá sa Mheánmhuir Thoir, tar éis don staid slándála dul in olcas go mór le roinnt laethanta anuas. D’athdhearbhaigh siad dlúthpháirtíocht iomlán an Aontais leis an nGréig agus leis an gCipir, agus d’athdhearbhaigh siad nach mór cearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais a urramú. Measadh go raibh sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Tuirc díghéarú láithreach bonn.

Meabhraíodh do na hairí an toradh a bhí ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 13 Iúil. D’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad go láidir le hiarrachtaí an Ardionadaí idirphlé a athbhunú agus teagmháil leis an Tuirc a éascú arís. Ag an am céanna, tá an tArdionadaí chun roghanna a ullmhú maidir le bearta iomchuí breise i gcás nach maolófaí ar an teannas.

Beidh plé níos leithne ar an gcaidreamh leis an Tuirc níos déanaí i mí Lúnasa, ag an Gymnich.

An Bhealarúis

Thug airí gnóthaí eachtracha an Aontais aghaidh ar thoghcháin uachtaránachta na Bealarúise a bhí ar siúl an 9 Lúnasa.

D’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad ag iarraidh arís ar údaráis na Bealarúise stop a chur leis an bhforéigean díréireach doghlactha i gcoinne agóideoirí síochánta agus iad siúd atá á gcoinneáil a scaoileadh saor. Le linn an phlé a bhí acu, chuir na hairí in iúl go láidir go dtacaíonn an tAontas le muintir na Bealarúise agus iad ag iarraidh athrú daonlathach a bhaint amach.

D’athdhearbhaigh na hairí nach raibh na toghcháin saor ná cothrom. Measann an tAontas Eorpach gur falsaíodh na torthaí agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sé le torthaí an toghcháin arna gcur i láthair ag Coimisiún Lárnach Toghchán na Bealarúise. Dá bhrí sin, cuirfidh an tAontas Eorpach togra faoi bhráid údaráis na Bealarúise maidir le tacaíocht ón Aontas chun idirphlé a bhunú agus a éascú idir na húdaráis pholaitiúla, an freasúra agus an tsochaí i gcoitinne d’fhonn an ghéarchéim reatha a réiteach.

Chomhaontaigh na hairí freisin gur gá smachtbhannaí a chur orthu siúd atá freagrach as an bhforéigean, as an gcos ar bolg agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú. Cuirfear tús láithreach leis an obair ar liostú breise laistigh den chreat smachtbhannaí atá ann cheana don Bhealarúis.

Chomhaontaigh na hairí go dtiocfaidís ar ais chuig athbhreithniú an chaidrimh idir an tAontas agus an Bhealarúis ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh acu ag deireadh mhí Lúnasa.

Míreanna eile

Thug na hairí dá n-aire an staid sa Liobáin tar éis an phléasctha thubaistigh i gcalafort Bhéiriút an 4 Lúnasa. Chuir an tArdionadaí agus an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí suntasacha gasta atá á ndéanamh ag an Aontas chun cabhrú leis an Liobáin.

Chlúdaigh na hairí an staid mar atá i Veiniséala, go háirithe an tsáinn atá ann faoi láthair maidir leis na toghcháin reachtacha atá ar na bacáin. Leag an tArd-Ionadaí Borrell amach an teagmháil a bhí aige le roinnt seachtainí anuas le rialtas Maduro agus le príomhghrúpaí an fhreasúra i ndáil leis sin.

Thug na hairí dá n-aire freisin an staid sa Bholaiv, agus iad ag tabhairt dá n-aire an gá atá le hidirphlé síochánta agus go gcuirfeadh na páirtithe uile a ndifríochtaí i leataobh agus go ngeallfaidís go mbainfidís réiteach amach lena dtabharfaí aghaidh ar ábhair imní ghaolmhara a bhaineann le COVID-19 agus leis an gceart atá ag na daoine vótáil araon.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025