- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 15 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, chun an caidreamh trasatlantach a phlé.
Tá an caidreamh trasatlantach ar cheann de phríomhcholúin an oird dhomhanda agus ag an bhfíschomhdháil inniu athdhearbhaíodh tiomantas Bhallstáit an Aontais Eorpaigh leanúint den dlúthchomhar sin. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuaigh na hairí i mbun idirphlé straitéiseach leStátrúnaí na Stát Aontaithe, Mike Pompeo, maidir leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe agus maidir le saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.
Ar na príomhábhair ar tugadh aghaidh orthu, bhí: an caidreamh leis an tSín, lena n-áirítear an staid i Hong Cong, Próiseas Síochána an Mheánoirthir, Comharsanacht an Oirthir, agus béim á leagan ar an Úcráin, agus fadhb choiteann na bréagaisnéise.
Ar ábhar na Síne, mhol an tArdionadaí idirphlé déthaobhach ar leith a sheoladh lena ndíreofaí ar na dúshláin a eascraíonn as an gcaidreamh le Béising. Maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé Iosraelaigh agus Palaistínigh a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bpróiseas polaitiúil inchreidte fónta, agus thug siad le fios go bhfuil siad réidh le cabhrú le próiseas den sórt sin agus é a éascú.
Dearbhaíodh sa phlé maidir le Comharsanacht an Oirthir go leanfaidh comhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe de bheith ríthábhachtach, go háirithe maidir leis an Úcráin.
I measc na n-ábhar eile a pléadh, bhí an ghéarchéim dhomhanda a bhaineann le paindéim COVID-19, an staid sa Mheánmhuir Thoir, agus Comhdháil na Bruiséile IV maidir le tacaíocht a thabhairt don tSiria a bheidh ar siúl ar an 30 Meitheamh 2020.
Maidir le cúrsaí reatha, cuireadh na hairí ar an eolas maidir le Comhpháirtíocht na Súdáine, atá beartaithe don 25 Meitheamh 2020 i bhformáid fhíorúil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025