"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 19 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig Cinn Chosanta an Aontais le chéile sa Bhruiséil dá gcéad Choiste Míleata in 2021 agus roghnaigh siad Ceann Foirne na hOstaire, an Ginearál Robert Brieger mar Chathaoirleach nua ar Choiste Míleata an Aontais ón 1 Meitheamh 2022 i leith. Ba é an Ginearál Claudio Graziano a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus ba é seo an chéad chruinniú pearsanta le bliain anuas.
Sa tréimhse dhúshlánach seo, tá tús curtha ag an Aontas le machnamh tábhachtach a dhéanamh ar riachtanais chosanta agus slándála na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, d’fhéadfadh coincheap athbheoite Chathghrúpaí an Aontais a bheith ina dheis mhaith d'ullmhacht agus do dhíspreagadh an Aontais maidir le dul i ngleic le géarchéim trí oiliúint, cleachtaí agus, ar deireadh, fíor-imscaradh.
An Ginearál Claudio Graziano
Chuir an tArdionadaí Josep Borrell tús leis an seisiún, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá an uathriail straitéiseach agus tionscnaimh chosanta an Aontais, go háirithe an ról atá ag Cathghrúpaí an Aontais gníomhú mar fhórsaí céad-iontrála i gcásanna mearfhreagartha.
Chuir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí Cinn Chosanta an Aontais ar an eolas ina dhiaidh sin faoi na forbairtí is déanaí a bhaineann leis an gCompás Straitéiseach. Ba dhíol sásaimh do na Cinn Chosanta na cuir i láthair agus chuir siad in iúl go raibh siad sásta le ról Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh maidir le hionchur agus saineolas míleata a chur ar fáil don phlé polaitiúil.
Ina dhiaidh sin, thug Ard-Stiúrthóir Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, an Leas-Aimiréal Hervé Bléjean, na Cinn Chosanta cothrom le dáta maidir le cathghrúpaí an Aontais. D’aithin siad go bhféadfadh easpa ranníocaíochta in uainchlár Chathghrúpaí an Aontais bac a chur ar chumas an Aontais gníomhú i gcás mearfhreagartha. D’aithin siad go bhfuil gá le réiteach inmharthana práinneach chun suim níos mó a chothú i gCathghrúpaí an Aontais.
Caitheadh seisiún ar leith ar mhisin agus ar oibríochtaí míleata CBSC ina ndearna an Seachaimiréal Fabio Agostini mar Cheannasaí Oibríochtúil ar EUNAVFOR MED IRINI, an Leifteanant-Ghinearál Brice Houdet mar Cheannasaí Oibríochta EUFOR ALTHEA, agus an Leas-Seachaimiréal Jose M. Nuñez Torrente mar Cheannasaí Oibríochta EUNAVFOR ATALANTA, na Cinn Chosanta a chur ar an eolas. I bhfianaise na n-easnamh atá ann faoi láthair, mheabhraigh na Cinn Chosanta an géarghá atá ann go gcuirfidh na Ballstáit acmhainní, pearsanra, sócmhainní agus lóistíocht leordhóthanach ar fáil do mhisin agus d’oibríochtaí CBSC, i gcomhréir leis an leibhéal polaitiúil uaillmhéine.
Go comhleanúnach, ghlac Cathaoirleach choiste míleata ECAT – an Príomh-Aermharascal Sior Stuart Peach, – páirt sa seisiún maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, agus neartaigh sé arís an nasc láidir méadaithe idir an tAontas agus ECAT. D’aithin na Cinn Chosanta an gá atá le leas a bhaint as na forbairtí gaolmhara ar thionscnamh Chompás Straitéiseach an Aontais agus ECAT 2030, mar chreat chun an comhar idir an dá eagraíocht a fheabhsú.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.