- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 10 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Na Balcáin Thiar
Bhí plé straitéiseach ag an gComhairle faoi na Balcáin Thiar, agus faoi na gnéithe de rannpháirtíocht threisithe an Aontais sa réigiún.
Tá ról ar leith ag an réigiún san Eoraip agus don Eoraip. Chomhaontaíomar gur réigiún ríthábhachtach geostraitéiseach don Aontas Eorpach iad na Balcáin Thiar. Caithfidh ár dtiomantas do na Balcáin Thiar a bheith an-fheiceálach agus níor cheart dúinn aon amhras a fhágáil ina leith sin. Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
D’athdhearbhaigh na hairí dearcadh na hEorpa ar an réigiún ar fad, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht pholaitiúil i raon leathan réimsí amhail: comhrac phaindéim COVID, an comhar eacnamaíoch, an nascacht, agus dul i ngleic le tionchar seachtrach agus bréagaisnéis.
Cuireadh chun suntais sa phlé gur gá do thíortha na mBalcán Thiar dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus insint dhearfach chuiditheach a threisiú. Leag an tArdionadaí béim ar a phráinní atá sé dul chun cinn a dhéanamh maidir le próiseas aontachais na hAlbáine agus na Macadóine Thuaidh, agus lánpháirtiú an Aontais leis an tSeirbia agus le Montainéagró a chur chun cinn agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le léirscaoileadh víosaí don Chosaiv. D’iarr na hairí freisin go gcuirfí tús an athuair leis an idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, agus d’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht leanúnach gan staonadh d'iomláine chríochach agus do cheannasacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine.
Meabhraíodh don Chomhairle freisin ról lárnach an Aontais cabhrú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar freagairt ar phaindéim COVID-19 trí chúnamh sláinte, maoiniú don téarnamh socheacnamaíoch agus trí vacsaíní a dheonú.
An caidreamh trasatlantach
Phléigh an Chomhairle na tosaíochtaí don chaidreamh le riarachán na Stát Aontaithe sna míonna atá amach romhainn.
Bhreathnaigh na hairí ar an dul chun cinn a rinneadh le chéile maidir le roinnt saincheisteanna tábhachtacha, amhail rannpháirtíocht athnuaite le SAM maidir le JCPOA, an t-idirphlé maidir leis an tSín a athsheoladh, taraifí faoi dhíospóid Airbus/Boeing a chur ar fionraí go sealadach, agus idirchaidreamh a dhéanamh maidir le freagairtí ar a bhfuil ag tarlú sa Rúis agus i Maenmar.
Cuireadh chun suntais sa phlé go bhfuil an chomhpháirtíocht athnuaite idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe bunaithe ar thuilleadh rannpháirtíochta, ar thuilleadh comhordaithe agus ar thuilleadh comhair.
Físchomhdháil le Toscaire Speisialta Uachtaránachta na Stát Aontaithe maidir leis an Aeráid, John Kerry
Bhí malartú tuairimí ag na hairí le Toscaire Speisialta Uachtaránachta na Stát Aontaithe maidir leis an Aeráid, John Kerry, faoin mbealach chun an uaillmhian dhomhanda aeráide a mhéadú, go háirithe uaillmhian na ngeilleagar is mó ar domhan.
Comhaontaíodh go n-oibreodh an tAontas agus SAM go córasach le chéile chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun comhpháirtithe a spreagadh na gealltanais is fearr is féidir a thabhairt faoi Chomhaontú Pháras. Déanfar é sin go déthaobhach agus go hiltaobhach i bhfóraim amhail G7 agus G20.
Cúrsaí reatha
Phléigh an Chomhairle dhá ábhar a bhaineann leis an bPalaistín: na toghcháin a cuireadh siar le déanaí agus na caismirtí a tharla le déanaí in Iarúsailéim Thoir. Chuir na hairí in iúl an athuair nach mór do gach taobh seasamh le status quo na suíomhanna naofa agus urraim iomlán a thabhairt dó sin, agus go bhfuil sé de fhreagracht ar na ceannairí uile gníomhú i gcoinne na n-antoisceach.
Chuir an Chomhairle a dlúthpháirtíocht in iúl freisin do Phoblacht na Seice agus don Bhulgáir i bhfianaise an mhéid a thit amach le déanaí i ndáil leis an Rúis.
Phléigh na hairí an chaibidlíocht atá ar bun faoi láthair maidir le cur chun feidhme shocrú núicléach na hIaráine, JCPOA, agus an tsláinte dhomhanda. Maidir leis an dara ceann acu sin, meabhraíodh don Ardionadaí go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta san iarracht idirnáisiúnta dlúthpháirtíochta agus ranníocaíochtaí €2.5 billiún á chur ar fáil aige do COVAX, agus ó thaobh vacsaíní a tháirgeadh agus a onnmhairiú.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin faoin Liobáin, áit a bhfuil an staid ag dul in olcas go fóill agus na daoine ag fulaingt dá deasca. Chuir an tArdionadaí in iúl do na hairí go bhfuil obair fós ar siúl agus go bhfuiltear ag féachaint ar na roghanna go léir atá ar fáil chun brú a chur ar cheannairí sin na Liobáine atá ag cur bac ar an tír an cruachás ina bhfuil sí a réiteach.
Ar deireadh, phléigh na hairí an Bhealarúis freisin, áit a bhfuil brú faoi chois agus imeaglú leanúnach á ndéanamh ag an rialtas ar shaoránaigh go fóill, pobal na Polainne san áireamh.
Saincheisteanna eile
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le slándáil agus cosaint, agus Corn na hAfraice.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúPreaseisiúintí
Corn na hAfraice: An tAontas chun an caidreamh straitéiseach leis an réigiún a dhoimhniú - 10/05/2021
An chosaint shibhialta: Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun an fhreagairt do thubaistí a neartú - 10/05/2021
Creat reachtach taighde an Aontais Eorpaigh á chomhlánú ag an gComhairle - 10/05/2021
Slándáil agus cosaint: An tAontas le bogadh chun tosaigh le comhbheartas slándála agus cosanta - 10/05/2021
Trádáil earraí dé-úsáide: rialacha nua de chuid an Aontais glactha - 10/05/2021
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025