- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, 18 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Bhí malartú tuairimí ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais faoin ngéarú tromchúiseach ar an bhforéigean in Iosrael agus sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil agus phléigh siad freagairt an Aontais.
Thug Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, achoimre ar éirim fhoriomlán an phlé mar seo a leanas:
- tá sé mar thosaíocht stop a chur leis an bhforéigean go léir láithreach agus sos comhraic a chur chun feidhme chun sibhialtaigh a chosaint, agus rochtain iomlán dhaonnúil a thabhairt in Gaza
- maraíodh agus gortaíodh líon mór sibhialtach le linn an ghéaraithe ar an bhforéigean le roinnt laethanta anuas, páistí agus mná ina measc. Níl sé seo inghlactha
- ní mór na hionsaithe roicéad gan idirdhealú atá á ndéanamh ag Hamas agus ag grúpaí sceimhlitheoireachta eile ar chríoch Iosrael a cháineadh
- tacaímid go hiomlán le ceart Iosrael é féin a chosaint. Caithfear seo a dhéanamh ar bhealach comhréireach agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta á urramú
- ní mór status quo na suíomhanna naofa a urramú go hiomlán, agus seasamh leis an gceart chun adhradh
- tá sé tábhachtach gan leanúint ar aghaidh le díshealbhuithe in Sheikh Jarrah, i gcomhréir le seasamh an Aontais maidir le lonnaíochtaí
- tá gá le fíor-réiteach polaitiúil a spreagfaidh an tsíocháin chun go mbeidh Iosrael agus an Phalaistín sábháilte dáiríre. Chun gur féidir sin a dhéanamh, ní mór dúinn gné pholaitiúil a chur ar bun arís, a fhiosrú an féidir teagmháil a atosú idir na páirtithe éagsúla, bearta cothaithe iontaoibhe a fhorbairt, dálaí maireachtála na ndaoine a fheabhsú agus an bealach a réiteach d'athsheoladh féideartha an phróisis síochána
- caithfidh sé a bheith ina thosaíocht toghcháin Phalaistíneacha a reáchtáil
- déanfaidh an tAontas athnuachan ar a theagmháil leis na príomhpháirtithe, amhail riarachán nua na Stát Aontaithe, agus le Ceathairéad athnuaite
- taistealóidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh phróiseas síochána an Mheánoirthir, Sven Koopsman, chuig an réigiún chun cúrsaí a phlé leis an gCeathairéad, le comhpháirtithe eile agus leis na páirtithe féin
Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas chomh maith faoina bhfuil ag tarlú faoi láthair ó thaobh imirce mhírialta in Ceuta na Spáinne.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025