"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 20 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
An caidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Áiríodh leis sin faisnéis maidir leis na forbairtí agus na malartuithe is déanaí, e.g. faisnéis maidir le clár oibre trádála dearfach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a fhorbairt, saincheisteanna a bhaineann leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, chomh maith le hábhair a bhaineann le Airbus/Boeing agus le Roinn 232 de chuid Acht um Fhairsingiú Trádála SAM maidir le taraifí ar chruach agus ar alúmanam.
Is ábhar dóchais é tiomantas rialtas Biden don iltaobhachas agus don chaidreamh leis na comhghuaillithe a atógáil. Ní mór dúinn anois oibriú ar bhealach níos nithiúla ar athsheoladh an idirphlé thrasatlantaigh agus ar sheandíospóidí a mhaolú d’fhonn coimhlintí a sheachaint, fiú nuair a bhíonn difríochtaí oibiachtúla spéise agus tuairimí idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le cúrsaí trádála.
Augusto Santos Silva, Aire Stáit agus Gnóthaí Eachtracha na Portaingéile
Athchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus ullmhúcháin don chéad Chomhdháil Aireachta eile
Phléigh na hairí an obair leanúnach maidir le hathchóiriú agus caibidlíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála, agus thug siad dá n-aire na hullmhúcháin agus na tosaíochtaí don chéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Chuir an Coimisiún tuarascáil ar fáil don Chomhairle maidir le staid na himeartha i ndáil leis na hullmhúcháin don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála a bheidh ar siúl sa Ghinéiv ón 30 Samhain go dtí an 3 Nollaig 2021.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála. D’eisigh an Coimisiún a Theachtaireacht dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] an 18 Feabhra 2021. Cuirtear i bhfios go láidir sa Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála gur cheart don Aontas leanúint de bheith tiomanta do thrádáil oscailte chothrom atá bunaithe ar rialacha agus, ag an am céanna, a leasanna féin a chosaint agus cothrom na Féinne a chinntiú.
Ag an seisiúin phoiblí faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi staid na caibidlíochta maidir leis an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta.
Is uirlis beartais trádála í an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta (IPI) a bhfuil sé mar aidhm léi idirdhealú cuideachtaí an Aontais i margaí soláthair i dtríú tíortha a dhíspreagadh.
Chuir Uachtaránacht na Portaingéile dlús leis an obair ar IPI agus tá sé mar aidhm aici teacht ar sheasamh comhaontaithe ón gComhairle faoi dheireadh a téarma. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí tús a chur le cruinnithe tríthaobhacha le Parlaimint na hEorpa le linn shainordú uachtaránacht inteachta na Slóivéine.
Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an imscrúdú atá ar siúl faoi láthair ar na coimircí cruach. Is é is aidhm don imscrúdú sin a mheas ar cheart síneadh a chur leis na bearta coimirce atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach tar éis an 30 Meitheamh 2021.
Cuireadh faisnéis ar fáil dóibh freisin faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an margadh idir an tAontas agus Mercosur.
Bhí malartú tuairimí neamhfhoirmiúil ag na hairí leis an Dr Ngozi Okonjo-Iweala, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Anuas air sin, bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú le hIonadaí Trádála na Stát Aontaithe, Katherine Tai.
Fís-sleachta ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil) a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 20 Bealtaine 2021.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.