- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 25-29 Feabhra 2024
Na príomhthorthaí
Tháinig an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le chéile, ina foirmíocht Trádála, ar imeall an 13ú Comhdháil Aireachta (MC13) den Eagraíocht Domhanda Trádála (EDT), a bhí ar siúl in Abú Daibí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ón 26 Feabhra go dtí an 1 Márta.
Ghlac an Chomhairle conclúidí inar dhíol sásaimh di na torthaí a baineadh amach i ndáil leis na moltaí ó na tíortha is lú forbairt maidir lena gcás a fheabhsú agus cóir speisialta agus dhifreálach, chomh maith leis an athchóiriú ar EDT agus an clár oibre maidir le geilleagair bheaga.
D’fhormheas an Chomhairle Dearbhú Aireachta Abú Daibí freisin, lena n-áirítear síneadh a chur leis an moratóir ríomhthráchtála agus an clár oibre ríomhthráchtála.
Tionóladh an chéad chruinniú an 25 Feabhra, roimh thús na comhdhála, inar ghlac an Chomhairle an chéad tacar conclúidí ina sonraítear ionchais an Aontais maidir leis an gComhdháil Aireachta. Ina dhiaidh sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go rialta leis na Ballstáit faoina raibh ag titim amach le linn na comhdhála.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025