"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, 16 Aibreán 2024
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil neamhfhoirmiúil ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais chun na forbairtí is déanaí sa Mheánoirthear a phlé i bhfianaise an ionsaithe a rinne an Iaráin le déanaí ar Iosrael le ladrainn agus diúracáin.
Is mian liom úsáid a bhaint as na focail chéanna a d’úsáid Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe: ‘Tá an réigiún ar imeall an duibheagáin, agus ní mór dúinn imeacht uaidh’. […]
Bhí seasamh láidir ag na hairí inniu agus d’iarr siad ar na gníomhaithe uile sa réigiún seasamh siar ón duibheagán, ionas nach dtitfidh siad isteach ann.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tar éis na físchomhdhála, chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, i bhfios go láidir gur léirigh plé neamhfhoirmiúil na n-airí aontacht an Aontais agus ionsaí na hIaráine á cháineadh go láidir aige, a thiomanta atá sé do shlándáil Iosrael, a thoilteanaí atá sé géarú breise a sheachaint, agus san iarraidh ar gach taobh srian a chur orthu féin.
Dhearbhaigh an tArdionadaí go ndíreofar san obair a dhéanfar sna seachtainí amach romhainn ar fhor-rochtain an Aontais a mhéadú leis na príomh-chomhpháirtithe uile sa réigiún agus níos faide i gcéin, agus ar bhearta sriantacha. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin raon feidhme an réimis atá ann cheana lena ndírítear ar thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin trí ladrainn a leathnú, chun go n-áireofaí an fhéidearthacht smachtbhannaí a fhorchur ar dhiúracáin Iaránacha chomh maith le seachadtaí ladrann chuig ionadaithe na hIaráine sa Mheánoirthear.
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir gur gá gan dearmad a dhéanamh ar Gaza, agus mheabhraigh sé nach féidir síocháin bhuan a chothú sa réigiún mura réiteofar an choinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín. Ar an gcúis sin, ní mór don Aontas leanúint de bheith ag obair i dtreo sos cogaidh inbhuanaithe láithreach, go scaoilfidh Hamas saor na gialla, agus chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil tubaisteach in Gaza.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.