"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na nAirí Gnóthaí Eorpacha, 24/03/2020, 24 Márta 2020
Príomhthorthaí
Mhalartaigh na hairí tuairimí ar an méadú agus ar an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, agus iad ag díriú go háirithe ar an Albáin agus ar Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
Tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil faoi thús a chur le caibidlíocht aontachais leis an dá thír.
Le comhaontú polaitiúil an lae inniu i dtaobh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus le Poblacht na Macadóine Thuaidh, tá aitheantas á thabhairt do na hiarrachtaí suntasacha athchóirithe atá déanta ag an dá thír sin. Léirigh an dá thír araon go bhfuil rún daingean polaitiúil acu dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach féin. Tá achar fada le dul go fóill sula gcuirfear an t-aontachas i gcrích. Ach nuair a dhéantar dul chun cinn dáiríre leanúnach chun na critéir aontachais a chomhlíonadh, tugann sé sin comhpháirtithe na mBalcán Thiar níos gaire don Aontas Eorpach. Táim fíorshásta gur le linn uachtaránacht na Cróite a cuireadh tús le céim nua i bpróiseas aontachais na hAlbáine agus na Macadóine Thuaidh leis an Aontas, uachtaránacht a bhfuil peirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar ina croílár.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Tar éis na físchomhdhála, seoladh nós imeachta i scríbhinn chun conclúidí ón gComhairle a ghlacadh go foirmiúil. Glacadh na conclúidí Dé Céadaoin an 25 Márta. Ghlac an Chomhairle dhá ráiteas tionlacain freisin agus rinne an Coimisiún ráiteas ina leith.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.