Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 17 Feabhra 2020

Na príomhthorthaí

Preasagallamh tar éis chruinniú na Comhairle

D'ullmhaigh an Chomhairle an cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 20 Feabhra. Iarrfar ar cheannairí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2021-2027.

In oirchill an chruinnithe mullaigh, bhí cainteanna aonair ag an Uachtarán Michel le gach ceann de 27 gceannaire na mBallstát maidir le céad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais. Ar bhonn na gcomhairliúchán sin, chuir an tUachtarán Michel togra faoi bhráid na gceannairí an 14 Feabhra i ndáil le méid iomlán an bhuiséid agus an chaoi a leithdháilfear é.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an togra a thíolaic an tUachtarán Michel.

Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Leis an bplé a rinne na hairí inniu cuireadh tús le dianseachtain oibre a bhfuil tábhacht ar leith ag roinnt léi. Is mithid anois cinntí a dhéanamh ar an gcruth a bheidh ar bhuiséad an Aontais amach anseo. Leis na cinntí sin, leagfar síos bunsraith do mhaoiniú thosaíochtaí an Aontais sna blianta atá le teacht. Beidh tionchar tábhachtach acu ar shaoránaigh agus réigiúin uile an Aontais. Is faoi cheannairí an Aontais a bheidh sé anois an t-ábhar tábhachtach sin a réiteach.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025