"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 28/01/2020, 28 Eanáir 2020
Na príomhthorthaí
Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá le tosú in 2020 agus le críochnú in 2022.
Rinne an Chomhairle Eorpach machnamh ar an moladh comhdháil den sórt sin a eagrú ag an gcruinniú a bhí aici ar an 12 Nollaig 2019. D’iarr sí ar Uachtaránacht na Cróite féachaint le seasamh ón gComhairle a shainiú maidir le hábhar, raon feidhme, comhdhéanamh agus feidhmiú na comhdhála agus ar an mbonn sin, cromadh ar phlé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún.
Le linn an phlé, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé na saoránaigh a chur i gcroílár na comhdhála agus díriú ar na saincheisteanna a bhfuil an-aird acu orthu. Mar a cuireadh i dtreis i gconclúidí chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag, ba cheart tús áite a thabhairt do chur chun feidhme an Chláir Oibre Straitéisigh don tréimhse 2019-2024 agus do thorthaí nithiúla a bhaint amach. Ba cheart go rannchuideodh an chomhdháil le beartais an Aontais a fhorbairt sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis na dúshláin atá roimh an Eoraip. I bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh leis an gcomhphlé leis na saoránaigh a bhí á reáchtáil le dhá bhliain anuas, ba cheart go mbeadh ról ag réimse leathan geallsealbhóirí agus grúpaí a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar thuairimí agus ar dhearcthaí éagsúla.
Ní mór go mbeadh na saoránaigh i gcroílár an phlé maidir le todhchaí na hEorpa - conas is féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus leis na dúshláin a bheidh ann amach romhainn agus cén cruth ba cheart a bheith ar an Eoraip atá uainn. Ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, beidh an-deis ann chun machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna sin. Tá sé tábhachtach éisteacht le tuairimí agus dearcthaí éagsúla sa chaoi is go gcothófar muinín agus go gcinnteofar go gcomhlíonfaidh an tAontas ionchais na saoránach ar bhealach éifeachtach.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Chuir na hairí a dtuairimí in iúl freisin maidir le heagrú mionsonraithe na comhdhála. Leag go leor cainteoirí béim ar an ngá atá le hionadaíocht chothrom ar thrí institiúid an Aontais a áirithiú agus le ról iomlán a thabhairt do na parlaimintí náisiúnta. Chuir roinnt airí in iúl gurbh fhearr leo rialachas soiléir, simplí a bheith ag baint le próiseas na comhdhála.
Chinn an uachtaránacht go leanfaí den phlé tar éis chruinniú na Comhairle d’fhonn seasamh ón gComhairle a shainiú maidir leis an gComhairle agus dul i mbun plé le hinstitiúidí eile an Aontais.
Chuir Uachtaránacht nua na Cróite na tosaíochtaí atá aici agus a clár oibre as seo go ceann 6 mhí i láthair.
I réimse na ngnóthaí ginearálta, áirítear an méid seo a leanas ar phríomhthosaíochtaí na huachtaránachta:
dul chun cinn a dhéanamh ar reachtaíocht earnála agus chothrománach a bhaineann leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
leanúint de bheartas inchreidte agus éifeachtach um méadú maidir leis na Balcáin Thiar agus cruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil AE-na Balcáin Thiar a óstáil i Ságrab i mí na Bealtaine 2020
comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chothú agus dul chun cinn a dhéanamh ar an gcaibidlíocht maidir le pacáiste reachtach an bheartais chomhtháthaithe faoi CAI
tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas a chumasú agus tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo
an tAontas a chur chun cinn mar chomhphobal luachanna
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.