Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Feabhra 2020

Príomhthorthaí

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua leis an Ríocht Aontaithe agus lena n-ainmnítear an Coimisiún go foirmiúil mar idirbheartaí an Aontais. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle treoracha caibidlíochta mar shainordú don Choimisiún le haghaidh na caibidlíochta.

Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Ghlac an Chomhairle sainordú soiléir láidir dár n-idirbheartaí, Michel Barnier. Deimhnítear leis sin go bhfuilimid réidh le comhpháirtíocht uaillmhianach, fhadréimseach agus chothrom a chur ar fáil don Ríocht Aontaithe chun leas an dá thaobh. Tá an tAontas réidh anois le tús a chur leis an gcaibidlíocht.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite

Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú foirmiúil idir idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar siúl go luath i mí an Mhárta. Phléigh airí an Aontais freisin na chéad chéimeanna eile sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Chuir na hairí tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 27-28 Márta trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí an Mhárta, pléifidh ceannairí an Aontais conas bonn eacnamaíoch an Aontais a neartú. Beidh plé acu freisin maidir le beartas digiteach an Aontais.

I gcomhréir lena conclúidí ó mhí Dheireadh Fómhair 2019, fillfidh an Chomhairle Eorpach ar shaincheist an mhéadaithe. Mar chuid den phlé faoin gcaidreamh seachtrach, beidh malartú tuairimí maidir leis na hullmhúcháin don chruinniú mullaigh sna Balcáin Thiar a bheidh ar siúl in Ságrab i mí na Bealtaine. Beidh plé straitéiseach ag na ceannairí freisin maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín.

Chomhaontaigh an tAontas a shainordú caibidlíochta agus tá sé réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhpháirtíocht uaillmhianach.

Méadú

Chuir an Coimisiún a thograí maidir le modheolaíocht athbhreithnithe i ndáil leis an méadú faoi bhráid na n-airí.

Leagadh amach na tograí ina theachtaireacht an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process - A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú - Peirspictíocht Eorpach inchreidte do na Balcáin Thiar]. Is é an aidhm fhoriomlán atá leo ná inchreidteacht agus iontaoibh a fheabhsú ar an dá thaobh agus torthaí níos fearr a bhaint amach ar an leibhéal praiticiúil.

Táthar ag súil go dtíolacfaidh an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir leis an bpróiseas athchóirithe san Albáin agus i bPoblacht na Macadóine Thuaidh. Tá sé ar intinn ag an uachtaránacht an bealach a réiteach, ar bhonn na nuashonruithe sin agus na modheolaíochta athbhreithnithe, le haghaidh plé eolasach, cuimsitheach d'fhonn cinneadh dearfach a dhéanamh maidir leis an dá thír sin. Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite

Clársceidealú reachtach

Phléigh an Chomhairle an obair reachtach in 2020 agus an clársceidealú ilbhliantúil, a bheidh ar siúl den chéad uair leis an gCoimisiún dar téarma 2019-2024.

Déantar foráil do chleachtaí clársceidealaithe bliantúla agus ilbhliantúla araon sa chomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr, a comhaontaíodh in 2016. Is é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcomhar idir an Coimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le clár oibre polaitiúil an Aontais a leagan síos agus a chur i gcrích.

Leag na hairí amach a dtuairimí faoi na réimsí agus na tograí reachtacha atá le cur san áireamh sa dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2020. Phléigh siad freisin na príomhchuspóirí beartais a d'fhéadfaí a chur san áireamh sa chlár ilbhliantúil agus conas faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gconclúidí comhpháirteacha, a bheidh le tarraingt suas ag na trí institiúid.

Ar bhonn na díospóireachta, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach ar an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2020. Meastar go bhformheasfaidh an Chomhairle an dearbhú sin ag an gcruinniú a bheidh aici an 24 Márta agus go bhfillfidh sí ar an gclár ilbhliantúil i mí na Bealtaine.

An sásra Eorpach um an smacht reachta

Faoi 'aon ghnó eile', chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na hullmhúcháin atá á ndéanamh do thimthriall agus do thuarascáil bhliantúil an smachta reachta, a cuireadh i láthair sa teachtaireacht uaidh an 17 Iúil 2019.

Dhírigh an Coimisiún ar an modheolaíocht a bhfuil sé i gceist aige a leanúint chun a thuarascáil a ullmhú agus ar an eolas a bhfuil sé i gceist aige a bhailiú. Dúirt sé go bhfuil sé i gceist aige go mbeadh na Ballstáit lánpháirteach sa phróiseas.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025