- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Aibreán 2022
Na príomhthorthaí
Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta
Faoi chuimsiú an idirphlé bhliantúil maidir leis an smachta reachta, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta maidir le staid an smachta reachta i Lucsamburg, san Ungáir, i Málta, san Ísiltír agus san Ostair.
Leis an gcleachtas sin, is féidir grinnmhalartú struchtúrtha a bheith ann maidir leis an smacht reachta, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne sna Ballstáit uile á n-urramú.
Tar éis réamhrá ón gCoimisiún a bhí bunaithe ar phríomhthorthaí chaibidlí sonracha gach tíre de Thuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, tugadh an deis do na Ballstáit lena mbaineann príomhfhorbairtí agus sainiúlachtaí a gcreat náisiúnta maidir leis an smacht reachta a chur i láthair.
Rinneadh plé leis na Ballstáit ina dhiaidh sin. Roinn siad siúd a dtaithí agus a ndea-chleachtais i ndáil leis na forbairtí a sonraíodh. Níor glacadh conclúidí mar thoradh ar an athbhreithniú sin.
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Rinne an Uachtaránacht a marana ar an obair leanúnach atá á déanamh faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis na chéad chéimeanna eile tar éis an chruinnithe a bhí ar siúl an 8 agus an 9 Aibreán in Strasbourg, áit ar chuir na Meithleacha leagan nua de na tograí i láthair ag Seisiún Iomlánach na Comhdhála. Rinne na hairí trácht ar an gcéad leagan – nach leagan cinntitheach é – de na tograí ón seisiún iomlánach.
Beidh ar rannpháirtithe na Comhdhála teacht ar chomhdhearcadh maidir leis an leagan comhdhlúite de na tograí ag cruinniú iomlánach an 29 agus an 30 Aibreán, sula gcuirfidh na saoránaigh a dtuairim chríochnaitheach in iúl. Cuirfear tuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa faoi bhráid na gComhchathaoirleach (Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán na Comhairle) an 9 Bealtaine in Strasbourg.
Is faoi institiúidí an Aontais Eorpaigh a bheidh sé, tar éis an 9 Bealtaine 2022, an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt do na saoránaigh maidir leis an obair sin.
Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2022
Go luath san iarnóin, bhí lón neamhfhoirmiúil inar díríodh ar ullmhú Thuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2022 ón gCoimisiún Eorpach.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liosta na míreanna ʻAʼ, idir reachtach agus neamhreachtach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025