Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 23 Bealtaine 2022

Na príomhthorthaí

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

An 9 Bealtaine, ag searmanas clabhsúir na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tugadh tuarascáil chríochnaitheach na comhdhála don triúr comhchathaoirleach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá 49 dtogra sa tuarascáil agus iad miondealaithe ina 326 bheart. Is as cleachtadh nach raibh a leithéid ann riamh cheana a tharla ar fud mhór-roinn na hEorpa a d’eascair sé, cleachtadh a raibh dlúthbhaint ag saoránaigh na hEorpa leis ar feadh bliana trí phainéil Eorpacha agus náisiúnta.

Ag an ócáid sin, d’athdhearbhaigh na Comhchathaoirligh, thar ceann gach ceann dá n-institiúidí, an gealltanas comhchoiteann a tugadh nuair a glacadh an Dearbhú Comhpháirteach in 2021 obair leantach a dhéanamh ar na tograí ón gComhdháil.

Is faoin gComhairle atá sé anois an obair leantach sonrach a bhaineann léi a eagrú go héifeachtach. Chun na críche sin, phléigh na hairí conclúidí na Comhdhála agus an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an obair leantach a dhéanamh ar na tograí.

D’fhéadfadh an Chomhairle filleadh ar an ábhar seo an 21 Meitheamh (an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta) ar bhonn doiciméid a bhfuiltear ag súil leis ó Ardrúnaíocht na Comhairle ina ndéanfaí anailís ar na socruithe praiticiúla maidir leis na tograí a chur chun feidhme.

Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Imeacht nuálach rannpháirtíochta saoránach a bhí sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Bhí plé rathúil ag na hAirí Gnóthaí Eorpacha maidir leis an mbealach le hobair leantach a dhéanamh ar na tograí ó rannpháirtithe na comhdhála.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia

An smacht reachta san Ungáir

Thionóil an Chomhairle éisteacht maidir le luachanna an Aontais san Ungáir (Airteagal 7(1) nós imeachta CAE).

Cumhdaíodh san éisteacht na hábhair ar thug Parlaimint na hEorpa aghaidh orthu ina togra réasúnaithe i mí Mheán Fómhair 2018 lenar gcuireadh tús leis an nós imeachta seo. Díríodh go háirithe sa phlé ar neamhspleáchas na mbreithiúna, ar fheidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe.

Mar eolas, fuair an Ungáir éisteacht ón gComhairle trí bhabhta roimh éisteacht an lae inniu: an 16 Meán Fómhair 2019, an 10 Nollaig 2019 agus an 22 Meitheamh 2021.

Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 30-31 Bealtaine 2022)

D’ullmhaigh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpaí an 30-31 Bealtaine ina bpléifidh ceannairí an Aontais na hábhair seo a leanas: an Úcráin, cosaint, fuinneamh agus an tslándáil bia.

An Chomhairle Eorpach (an 23-24 Meitheamh)

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an dréachtchlár oibre anótáilte le haghaidh chruinniú na Comhairle Eorpaí an 23-24 Meitheamh 2022.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Conclúidí ón gComhairle maidir le cibirsheasamh an Aontais Eorpaigh a bhunú

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cibirsheasamh an Aontais Eorpaigh a bhunú. Eascraíonn na conclúidí as an gCompás Straitéiseach, plean gníomhaíochta an Aontais chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030, lena bhforáiltear go bhforbróidh an tAontas cibirsheasamh trína chumas chun cibirionsaithe a chosc a neartú.

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid: tuarascáil do 2021

D'fhormheas an Chomhairle a tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Rialachán Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Sa tuarascáil, déantar cur síos ar threochtaí in iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Chomhairle in 2021.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025