- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 2 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
Malartú tuairimí maidir leis an 8ú tuarascáil ar chomhtháthú
Tháinig na hairí atá i gceannas ar an mbeartas comhtháthaithe le chéile i Lucsamburg chun príomhphointí an 8ú tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a phlé.
Ba é Christophe Béchu, aire na Fraince atá ina thoscaire d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus bhí an Coimisinéir Elisa Ferreira rannpháirteach ann.
I mí Feabhra, thíolaic an Coimisiún a thuarascáil ina ndéantar anailís ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le héagothromaíochtaí críochacha a laghdú le deich mbliana anuas agus ina leagtar amach na dúshláin a bheidh ann sna 30 bliain amach romhainn. Táthar ag súil gurb iad an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach is cúis leis an bhfás san Aontas Eorpach le linn na tréimhse sin.
Dhírigh díospóireacht na Comhairle ar na saincheisteanna a sainaithníodh sa tuarascáil, go háirithe an ghné chríochach den bheartas comhtháthaithe agus an t-idirghníomhú idir tosaíochtaí na hEorpa agus riachtanais na ngníomhaithe áitiúla.
Agus an dul chun cinn atá déanta maidir le cóineasú idir na Ballstáit agus idir réigiúin an Aontais á aithint ag na hairí, scrúdaigh siad na deacrachtaí atá le sárú ag an mbeartas comhtháthaithe agus conas is fearr dul i ngleic leo. Áirítear sa mhéid seo a leanas roinnt de na dúshláin:
- an dícheangal atá déanta ag réigiún áirithe (réigiúin tuaithe, na réigiúin is forimeallaí, réigiún lena mbaineann aistriú tionsclaíoch, etc.) agus tionchar an dícheangail sin ar a bpobail;
- na deacrachtaí atá ag réigiúin go leor, ar réigiúin iad a bhfuil na leibhéil forbartha iontu ag lagú nó ag meath fiú, d’ainneoin an chúnaimh a fhaigheann siad, i gcomparáid leis an meán Eorpach.
Phléigh na hairí a mhéid is féidir le beartas réigiúnach na hEorpa tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghníomhaithe áitiúla amach anseo, ionas go mbeidh siad in ann a gcuid freagairtí agus réiteach féin a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna i dtaca leis an gcomhtháthú.
Conclúidí maidir le Comhtháthú san Eoraip faoi 2050
Lean an Chomhairle de na conclúidí a ghlacadh maidir leis an 8ú tuarascáil ar chomhtháthú.
Cuirtear san áireamh sna conclúidí tionchar neamhshiméadrach na géarchéime COVID-19 agus fhogha na Rúise faoin Úcráin, mar aon le hiarmhairtí an aistrithe aeráide, an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe shóisialta i dtaca le forbairt chomhchuí agus chothromúil an Aontais.
Tionchar an chogaidh san Úcráin ar an mbeartas comhtháthaithe
Le linn an lóin neamhfhoirmiúil, thagair na hairí do chur chun feidhme CARE agus CARE 2, bearta a ghlac an tAontas chun tacú leis na Ballstáit a chuireann fáilte roimh dhaoine atá ag éalú ón gcogadh san Úcráin. Scrúdaigh siad freisin iarmhairtí níos leithne fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Svetla Bobeva Preasoifigeach
- +32 2 281 60 92
- +32 473 53 32 41
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025