Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, Tóiceo, 29/05/2015, 29 Bealtaine 2015

Rinne Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 23ú cruinniú mullaigh déthaobhach. Is é Shinzo Abe, an Príomh-Aire, a rinne ionadaíocht thar ceann na Seapáine.

Meabhraíodh ag an gcruinniú mullaigh freisin go raibh 70ú bliain ann ó cuireadh deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip agus san Áise. Ionú ab ea é chun machnamh a dhéanamh ar a thábhachtaí atá an t-athmhuintearas agus an comhar réigiúnach araon agus an méid atá déanta ag an tSeapáin agus ag an Aontas chun síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas a réadú.

"We cherish the friendship and common values we have with Japan and we are resolved to take this partnership forward." President Tusk at the 23rd EU-Japan summit

Trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin

Is fiú níos mó ná aon trian d'Olltáirgeacht Intíre an domhain geilleagar an Aontais agus na Seapáine le chéile. Is í an tSeapáin an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas san Áise. Cé gur mór-infheisteoir san Aontas í an tSeapáin, tá infheistíochtaí díreacha coigríche an Aontais fós íseal sa tSeapáin.

I Márta 2013, chinn an tAontas agus an tSeapáin dul i mbun caibidlíochta le Comhaontú Saorthrádála domhain agus cuimsitheach a bhunú.

Ach a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, d’fhéadfadh an Comhaontú Trádála sin (‘Staidéar Measúnaithe Tionchair i dtaca le Comhaontú Saorthrádála (CST) idir an tAontas agus an tSeapáin 2012’):

  • geilleagar an Aontais a neartú 0.6 % go 0.8 % dá OTI
  • onnmhairí an Aontais go dtí an tSeapáin a mhéadú faoi os cionn 30 %
  • 420,000 post a chruthú san Aontas ann féin

An caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin 

Chomhaontaigh na ceannairí go gcuirfidís dlús leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí agus Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin.

Ní hamháin go bhfuil an tAontas Eorpach agus an tSeapáin ag dul i gcomhar lena chéile maidir le trádáil, ach tá siad ag comhoibriú ó thaobh na teicneolaíochta, taighde agus na nuála freisin, agus fógrófar comhaontú nua 5G roimh an gcruinniú mullaigh:

Saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus réigiúnach

Chinn an tAontas agus an tSeapáin a gcomhpháirtíocht slándála a fheabhsú, lena n-áirítear aon rannpháirtíocht a d'fhéadfadh teacht ón tSeapáin i leith misin ghéarchéime a bhainistiú. 

Bhí an méid a leanas ar an gclár oibre freisin: saincheisteanna réigiúnacha, amhail na forbairtí le gairid i gcóngair an Aontais agus na Seapáine faoi seach, san Úcráin agus san Áise Thoir Theas, agus saincheisteanna domhanda amhail na cainteanna núicléacha leis an Iaráin, cúrsaí ar Leithinis na Cóiré, an tSiria agus an Iaráic.  

Chomhaontaigh na ceannairí freisin go ndéanfaí an comhar a dhlúthú idir an tAontas agus an tSeapáin maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.

Dúshláin dhomhanda

Pléadh an chaibidlíocht idirnáisiúnta faoin athrú aeráide agus dhearbhaigh an tSeapáin an rún atá aici sprioc uaillmhianach a thíolacadh maidir lena rannchuidiú féin leis an athrú aeráide a theorannú.

D'athdhearbhaigh siad a dtiomantas freisin clár oibre uaillmhianach forbartha iar-2015 a chomhaontú. 

Cúlra

Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin a bhí ann roimhe seo

Féach freisin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025