Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, 27/09/2018, 27 Meán Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

Thug Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, aitheasc thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 27 Meán Fómhair 2018.

D'iarr sé, san aitheasc a thug sé ag an tionól, go ndéanfaí an t-ord rialacha-bhunaithe idirnáisiúnta a chaomhnú:

"Caitheann an tAontas Eorpach a dhúthracht leis an ord idirnáisiúnta rialacha-bhunaithe a chaomhnú, ord atá go mór faoi bhrú faoi láthair, i ndáil leis an trádáil, leis an tslándáil, leis an athrú aeráide agus le cearta an duine." An tUachtarán Tusk ag an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

Chuir sé i dtreis go dtacaíonn an tAontas Eorpach go láidir leis an iarracht atá ann faoi láthair maidir le hathchóiriú na Náisiún Aontaithe. "Cás práinne atá ann agus tá sé ríthábhachtach go gcuirfear chun feidhme é", a dúirt sé.

Dhírigh an tUachtarán Tusk ar an imirce, freisin. Mheabhraigh sé iarrachtaí an Aontais, atáthar a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Aontas Afracach, chun tacaíocht a thabhairt d'imircigh sa Libia agus :

"Go dtí an lá inniu chabhraíomar le breis agus 30 000 duine an Libia a fhágáil trí fhilleadh deonach daonnúil. Is mian linn cur leis an obair lenár gcomhpháirtithe i réimsí eile. Dá bhrí sin, is ar chroí-lár ár gcaidreamh amach anseo a bheidh an t-oideachas, an infheistíocht san fhorbairt, an t-athrú aeráide agus an tsaorthrádáil." An tUachtarán Tusk ag an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

Maidir lena bhfuil ag titim amach faoi láthair sa tSiria, is é a dúirt an tUachtarán Tusk nach mór an meabhrán tuisceana ar Idlib a chur chun feidhme ina iomláine chun cabhrú le tubaiste dhaonnúil a sheachaint.

D'athdheimhnigh Donald Tusk go neartaíonn an tAontas le socrú núicléach na hIaráine:

"Tá an comhaontú chun leas shlándáil na Eorpa, an réigiúin agus an domhain. Sin é an fáth a bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta don chomhaontú a choinneáil, a fhad agus atá an Iaráin fós lántiomanta dó." An tUachtarán Tusk ag an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

D'athdhearbhaigh an tUachtarán Tusk a thiomanta is atá an tAontas Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. D'iarr sé ar na ceannairí uile an tAntartach a chaomhnú:

"Deirim an méid seo go neamhbhalbh: na daoine sin atá in ann ár bpláinéad a shamhlú gan míolta móra, gan phiongainí agus gan speicis eile, beidh orthu ár bpláinéad a shamhlú gan daoine freisin." An tUachtarán Tusk ag an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

Oibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe

Ar an 25 Meán Fómhair, d'fhreastail an tUachtarán Tusk ar imeacht maidir le tionscnamh na Náisiún Aontaithe dar teideal gníomhaíocht le haghaidh na síochánaíochta. Chuir sé i bhfios go láidir gur gá oibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe a neartú:

"Ní mór síochánaíocht na Náisiún Aontaithe a bheith i bhfad níos éifeachtaí agus éifeachtúla chun gur féidir dul i ngleic le géarchéimeanna agus coinbhleachtaí nua a thagann chun cinn gach lá ar fud an domhain. Is mian leis an Aontas go gcuirfí béim níos mó ar réitigh pholaitiúla, ar chosc agus ar chur chuige comhtháite i dtaobh idirghabhálacha. Caithfimid iarracht níos mó a dhéanamh chun go mbeidh na coimeádaithe síochána seo againne slán sábháilte." An tUachtarán Donald Tusk ag imeacht ardleibhéal na Náisiún Aontaithe dar teideal gníomhaíocht le haghaidh na síochánaíochta

Cruinnithe déthaobhacha

Ar imeall Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, bhuail an tUachtarán Tusk le ceannairí ón Eoraip, ón Afraic agus ó Mheiriceá Theas. Bhí cruinnithe déthaobhacha aige leis na daoine seo a leanas:

  • Abdel Fattah al-Sisi, Uachtarán na hÉigipte
  • Petro Poroshenko, Uachtarán na hÚcráine
  • Hashim Thaçi, Uachtarán na Cosaive
  • Martín Vizcarra, Uachtarán Pheiriú
  • Sebastián Piñera, Uachtarán na Sile

Tosaíochtaí an Aontais ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

I mí an Mheithimh 2018, ghlac an Chomhairle tosaíochtaí an Aontais do na Náisiúin Aontaithe agus don 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe. Díreoidh an tAontas ar na nithe seo a leanas:

  • caidreamh a dhéanamh chun borradh a chur faoin iltaobhachas agus chun tacú leis na Náisiúin Aontaithe
  • an tsíocháin a chothú agus infheistiú i gcosc coinbhleachtaí
  • cearta an duine a chosaint
  • dí-armáil núicléach agus neamhleathadh núicléach a chur chun cinn
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le himircigh agus le dídeanaithe, leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus leis an gcomhshaol

Roimh Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, d'fhormheas an Chomhairle an chomhpháirtíocht straitéiseach idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le tosaíochtaí i ndáil le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime do 2019-2021. D'aithin an Chomhairle an comhar atá ar bun le fada an lá idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach sna réimsí seo. D'athdhearbhaigh sí a thiomanta is atá an tAontas do na Náisiúin Aontaithe mar chrann taca an iltaobhachais.

Féach freisin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Jüri Laas Preasoifigeach

  • +32 2 281 55 23
  • +32 470 95 75 61

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025