Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, Béising, 16/07/2018, 16 Iúil 2018

Na príomhthorthaí

Chomhaontaigh an tAontas agus an tSín an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an tSín a fhorbairt tuilleadh ag an 20ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín.

Chuir na ceannairí in iúl a dtacaíocht chomhpháirteach don trádáil atá bunaithe ar rialacha agus d'athdhearbhaigh siad a rannpháirtíocht chomhpháirteach chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú:

"Tá dualgas comhchoiteann ar an Eoraip agus ar an tSín, ar Mheiriceá agus ar an Rúis gan an córas seo a scriosadh ach é a fheabhsú. Gan tús a chur le cogaí trádála, a d'éirigh ina bhfíor-choinbhleachtaí chomh minic sin inár stair, ach an córas idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a athchóiriú ar bhealach misniúil, freagrach." Ráiteas ón Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, 16 Iúil 2018

Phléigh siad freisin comhar eachtrach agus slándála agus an cás ina gcomharsanachtaí faoi seach.

Rinne an tUachtarán Donald Tusk agus an tUachtarán Jean-Claude Juncker ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. Bhí an cruinniú mullaigh á óstáil ag Príomh-Aire na Síne, Li Keqiang. Bhí cainteanna ag ceannairí an Aontais leis an Uachtarán Xi Jinping chomh maith.

Ghlac ceannairí an Aontais agus na Síne ráiteas comhpháirteach, lena n-áirítear ráiteas i ndáil leis an athrú aeráide agus fuinneamh glan (san iarscríbhinn atá i gceangal leis an dearbhú):

Comhar idir an tAontas agus an tSín

Gheall an tAontas agus an tSín go ndéanfaidís an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an tSín a dhoimhniú, ar ócáid ceiliúrtha a 15 bliana:

“Chuir seo go mór le leibhéal an chaidrimh idir an tAontas agus an tSín, agus torthaí dearfacha sin le feiceáil i gcúrsaí polaitiúla, eacnamaíocha, trádála agus cultúir agus le malartaithe daoine le daoine agus i réimsí eile. D'athdhearbhaigh na ceannairí a thiomanta atá siad chun a gcomhpháirtíocht le haghaidh síocháin, fás, athchóiriú agus sibhialtacht a dhoimhniú.” Comhráiteas ón 20ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín

Ba dheis é an cruinniú mullaigh plé a dhéanamh ar chomhar maidir le cearta an duine. Ba dhíol sásaimh don Aontas agus don tSín an t-idirphlé a bhí acu sa tSín i mí Iúil faoi chearta an duine.

D'athdhearbhaigh na ceannairí a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá an dá thaobh tiomanta don chomhar a chur chun cinn i ndáil le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus tacaíonn siad go hiomlán le COP24, a bheidh ar siúl i mí na Nollag 2018 sa Pholainn.

Chomhaontaigh an dá thaobh freisin rialachas na himirce a fheabhsú agus freagraí cuimsitheachta a fháil don easáitiú.

Trádáil

Chuir ceannairí an Aontais agus na Síne in iúl a thiomanta atá siad don chóras trádála atá bunaithe ar rialacha leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina chroílár.

Chomhaontaigh an dá thaobh comhoibriú le chéile ar athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála agus cabhrú léi aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua:

"Is é tiomantas an Aontais féachaint leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a nuachóiriú agus iarrann sé ar na comhpháirtithe go léir a gcion dearfach féin a dhéanamh ar son na sprice sin. Molaimid cur chuige cuimsitheach chun feabhas a chur, i dteannta leo siúd dár gcomhpháirtithe atá ar aon intinn linn, ar fheidhmiú na hEagraíochta Domhanda Trádála i dtaca le réimsí ríthábhachtacha. (...) ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an athchóiriú seo an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a neartú mar institiúid agus cothrom na Féinne a áirithiú." Ráiteas ón Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, 16 Iúil 2018

Maidir le saincheist na ró-acmhainne cruach, chomhaontaigh ceannairí an comhar eatarthu a neartú i bhfóraim idirnáisiúnta agus na moltaí beartais ón bhfóram domhanda um ró-acmhainneacht chruach a leanúint.

Ina theannta sin, chomhaontaigh siad leanúint le sineirgí le chéile idir tionscnamh 'Crios Amháin, Bóthar Amháin’ na Síne agus tionscnamh an Aontais d'fhonn nascacht idir an Eoraip agus an Áise a fheabhsú.

Beartas eachtrach agus slándála

D'athdhearbhaigh an dá thaobh go bhfuil siad tiomanta don iltaobhachas agus an córas idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha leis na Náisiúin Aontaithe ina chroílár.

Chomhaontaigh an tAontas agus an tSín an t-idirphlé agus an comhar eatarthu maidir le beartas eachtrach agus slándála a threisiú.

Dúirt na ceannairí go dtacaíonn siad leis na hiarrachtaí éagsúla chun réiteach síochánta a fháil ar shaincheist núicléach na Cóiré Thuaidh trí bhíthin taidhleoireachta. Chuir siad in iúl go bhfuil siad i bhfabhar dí-armáil núicléach iomlán ar leithinis na Cóiré.

D'athdhearbhaigh siad freisin a dtiomantas do chomhaontú núicléach na hIaráine (JCPOA).

Ina theannta sin, léirigh an tAontas agus an tSín go dtacaíonn siad leis an méid a leanas:

  • réiteach dhá stát sa Mheán Oirthear
  • réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht sa tSiria
  • cobhsaíocht na Libia
  • an próiseas síochána san Afganastáin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025