- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, Tóiceo, 17/07/2018, 17 Iúil 2018
Na príomhthorthaí
Ag an 25ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, shínigh ceannairí na mBallstát agus ceannairí na Seapáine dhá chomhaontú ríthábhachtacha lena gcomhar a mhéadú:
1) Leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin, cuirfear deireadh le 99% de na taraifí a íocann cuideachtaí an Aontais chun earraí a onnmhairiú chun na Seapáine. Léiríonn sé go soiléir comhsheasamh an Aontais agus na Seapáine in éadan na caomhnaitheachta.
2) Leis an gcomhaontú comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus an tSeapáin, beidh tuilleadh comhair idir an dá chomhpháirtí ar réimse leathan saincheisteanna nach trádáil iad, amhail:
- slándáil agus cosaint
- fuinneamh agus an aeráid
- idirphlé idirphearsanta
"Tá an socrú trádála déthaobhach is mó riamh á chur ar bun againn. Is mór an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an ngníomhaíocht seo ó thaobh an oird idirnáisiúnta de, agus amhras á chaitheamh ag daoine air i láthair na huaire. Léiríonn sé go soiléir comhsheasamh an Aontais agus na Seapáine in éadan na caomhnaitheachta." A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, i dTóiceo
Ina theannta sin, phléigh ceannairí na mBallstát agus ceannairí na Seapáine saincheisteanna eachtracha agus slándála, lena n-áirítear an dí-armáil núicléach ar leithinis na Cóiré agus a gcomhthacaíocht do shocrú núicléach na hIaráine.
Rinne an tUachtarán Donald Tusk agus an tUachtarán Jean-Claude Juncker ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. An Príomh-Aire ShinzōAbe a rinne ionadaíocht thar ceann na Seapáine.
Ghlac na ceannairí an ráiteas comhpháirteach seo a leanas:
An trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Trádáil
Shínigh na ceannairí an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin (FTA), an comhaontú trádála is mó dá ndearna an tAontas a chaibidil riamh. Cruthófar leis limistéar trádála lena gcumhdófar 600 milliún duine agus beagnach aon trian d'Olltáirgeacht Intíre an domhain.
Agus an comhaontú saorthrádála curtha i bhfeidhm go hiomlán, beidh deireadh leis an gcuid is mó de na dleachtanna a íocann cuideachtaí an Aontais gach bliain ar mhaithe le hearraí a onnmhairiú chun na Seapáine. Cuirfear deireadh le roinnt bacainní rialála dá bharr freisin.
"Léiríonn an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche don saol mór toil láidir pholaitiúil an Aontais agus na Seapáine dúthracht a chaitheamh le réimse na saorthrádála agus í a bhrú chun cinn go mór mór. (…) Tiocfaidh fás eacnamaíoch a bheidh inbhuanaithe, cuimsitheach, agus cruthófar poist de bharr an chomhaontaithe freisin." Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón tSeapáin
Ina theannta sin, d'athdhearbhaigh an dá chomhpháirtí a thiomanta atá siad caomhnaitheacht a chomhrac agus an córas trádála idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint. Thug siad gealltanas an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a nuachóiriú i gcomhréir le conclúidí chruinniú mullaigh G7 a bhí ar siúl in Charlevoix.
Comhar idir an tAontas agus an tSeapáin
Chomh maith leis sin, síníodh an comhaontú comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus an tSeapáin ag an gcruinniú mullaigh. A bhuí leis an gcomhaontú seo, beidh comhpháirtíocht fhadbhunaithe an Aontais leis an tSeapáin ar leibhéal nua, agus comhar níos doimhne agus níos straitéisí eatarthu:
"Is amhlaidh a shaibhreofar gné pholaitiúil ár gcaidrimh tríd an gcomhaontú comhpháirtíochta straitéisí agus éascófar comhar níos dlúithe i réimse leathan earnálacha, go háirithe i dtaca le síocháin agus slándáil, imirce, comhrac na sceimhlitheoireachta, fuinneamh, an t-athrú aeráide, oideachas, taighde agus nuálaíocht, agus forbairt." Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón tSeapáin
D'athdhearbhaigh an dá chomhpháirtí a dtiomantas láidir do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar astaíochtaí a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.
Is díol sásaimh do na ceannairí freisin na cainteanna maidir le leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí ón Aontas agus ón tSeapáin a bheith curtha i gcrích. Ba cheart go gcruthófaí dá bharr sin an limistéar is mó ar domhan ó thaobh aistrithe sábháilte sonraí agus ardleibhéal cosanta sonraí orthu.
Beartas eachtrach agus slándála
Phléigh ceannairí na mBallstát agus ceannairí na Seapáine raon saincheisteanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta, an dí-armáil núicléach ar leithinis na Cóiré san áireamh:
Maidir leis an mbeartas eachtrach, táimid ag obair as lámh a chéile leis an tSeapáin chun an brú a choinneáil ar Pyongyang ionas go gcinnteofar dí-armáil núicléach ar Leithinis na Cóiré a bheidh iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe. Is mian linn go dtiocfadh deireadh le cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch DPDC." A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, i dTóiceo
Thairis sin, d'athdhearbhaigh an dá chomhpháirtí a dtacaíocht do shocrú núicléach na hIaráine (JCPOA), chomh maith le ceannasacht na hÚcráine, a neamhspleáchas agus a sláine críche.
Féach freisin
- Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, 06/07/2017
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin (An Coimisiún Eorpach)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Jüri Laas Preasoifigeach
- +32 2 281 55 23
- +32 470 95 75 61
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025