- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Físchomhdháil na n-airí iompair, 28 Meán Fómhair 2020
Chuir Uachtaránacht na Gearmáine clabhsúr luath ar an gcruinniú ar chúiseanna teicniúla.
Chun plé breise idir airí iompair an Aontais a éascú, chinn an Uachtaránacht malartú neamhfhoirmiúil a óstáil trí fhíschomhdháil ó 9.00 go dtí 11.00 an 8 Deireadh Fómhair 2020.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil le:
Tim Alexandrin,
Aireacht Chónaidhme Iompair agus Bonneagair Dhigitigh
+49 30 18300 713
[email protected]
Príomhphointí an chláir oibre
Plean teagmhasach COVID-19 don earnáil lasta
Tá an earnáil iompair buailte go han-dona ag ráig COVID-19. Leis an staid eipidéimeolaíoch agus an meath eacnamaíoch a tháinig leis an dianghlasáil, tharla laghdú millteach ar an éileamh ar iompar agus seirbhísí iompair ar fud chríoch an Aontais, rud a rinne damáiste eacnamaíoch don earnáil. Chomh luath le mí an Mhárta 2020, bhí Ballstáit an Aontais ar aon fhocal gur gá cur chuige comhordaithe chun tacú leis an earnáil.
Le linn na físchomhdhála, beidh díospóireacht bheartais ag airí iompair an Aontais chun plean teagmhasach paindéime d’earnáil iompair lasta na hEorpa a phlé. Is é is aidhm don phlé spreagadh a thabhairt bearta breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar ullmhacht na hearnála do phaindéimí a bheidh ann amach anseo.
Faoi ‘aon ghnó eile’, cuirfidh an Coimisiún na hairí ar an eolas faoina thogra leasaithe maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025