Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil na n-airí teileachumarsáide, 5 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Ag teacht le chéile dóibh ag an dara físchomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí acu, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí teileachumarsáide maidir le tosaíochtaí digiteacha an Aontais sa ré iar-COVID-19.

Ba é Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Rinne an Coimisinéir Thierry Breton ionadaíocht ar an gCoimisiún.

San idirphlé, iarradh ar na hairí machnamh a dhéanamh ar thrí cheist a d’ullmhaigh an Uachtaránacht:

  • cad iad na príomhcheachtanna a foghlaimíodh san earnáil dhigiteach ó ghéarchéim COVID-19 agus cad iad na gnéithe tosaíochta den straitéis dhigiteach?
  • conas is féidir linn iomaíochas agus ceannasacht dhigiteach an Aontais a chinntiú ar scála domhanda?
  • conas is féidir linn tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i ngnéithe a bhfuil sé cruthaithe le linn na géarchéime nach féidir déanamh dá n-uireasa, eadhon nascacht, sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, agus conas is féidir linn na hinfheistíochtaí sin a mhéadú?
Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite
Tá sciar mór den gheilleagar agus den tsochaí tar éis aistriú go modhanna digiteach le linn na paindéime. D’aontaíomar inniu nár cheart dúinn an deis seo a ligean tharainn, ach ar baineadh amach a dhéanamh buan, trí iarrachtaí breise a dhéanamh chun gnólachtaí agus seirbhísí poiblí, chomh maith le slándáil agus acmhainneacht ár líonraí, a dhigitiú.
Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite
Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite

Rinne an uachtaránacht achoimre ar an bplé.

Faoi aon ghnó eile, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le tograí reachtacha reatha. Déantar achoimre ar an obair a rinneadh ar an togra maidir le r-phríobháideachas faoi Uachtaránacht na Cróite i dtuarascáil ar dhul chun cinn a chuir an Uachtaránacht faoi bhráid Choiste na mBuanionadaithe (Coreper) ar an 3 Meitheamh 2020.

Maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear Lárionad Eorpach Inniúlachtaí Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin, chomhaontaigh Coreper sainordú nua le haghaidh caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ar an 3 Meitheamh. Déanfaidh an Uachtaránacht teagmháil le príomh-idirbheartaí na Parlaiminte chun féachaint an bhféadfaí cruinniú trípháirteach a eagrú le linn na seachtainí atá fágtha d’Uachtaránacht na Cróite.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le gníomhaíochtaí neamhreachtacha reatha. An 3 Meitheamh, dheimhnigh Coreper comhaontú iomlán i ndáil le dréacht-Chonclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú agus chinn sé nós imeachta i scríbhinn a úsáid le go nglacfaidh an Chomhairle iad. Seolfar an nós imeachta i scríbhinn inniu tar éis na físchomhdhála.

Chuir an Uachtaránacht i láthair freisin staid chur chun feidhme bhosca uirlisí an Aontais maidir le slándáil líonraí 5G.

Thug an Coimisiún an t-eolas is deireanaí maidir le forbairt aipeanna rianaithe teagmhála agus rabhaidh i gcomhthéacs COVID-19. Tá obair fós á déanamh chun na haipeanna sin a dhéanamh idir-inoibritheach thar theorainneacha.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre don dara leath de 2020 i réimse na teileachumarsáide i láthair.

Ráiteas ó Oleg BUTKOVIĆ, Aire Gnóthaí Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, i ndiaidh fhíschomhdháil na n-airí teileachumarsáide, a bhí ar siúl i Ságrab ar an 5 Meitheamh 2020.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025