Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil na n-airí fuinnimh, 15/06/2020, 15 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Phléigh na hairí an nuálaíocht in earnáil an fhuinnimh a bhfuil sé d'acmhainn aici borradh a chur faoi théarnamh eacnamaíoch na hEorpa

Bhí malartú tuairimí ag airí fuinnimh an Aontais maidir leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis ghéarchéim Covid-19 agus maidir le Margadh Glas na hEorpa, ag díriú ar réitigh nuálacha fuinnimh.

Le linn an phlé, iarradh ar na hairí eolas a roinnt maidir leis an méid seo a leanas:

  • Na hinfheistíochtaí sa teicneolaíocht fuinnimh atá á bpleanáil ag na hairí chun a chinntiú go mbainfear amach spriocanna 2030 agus an t-aistriú fuinnimh, eadhon sa dá bhliain romhainn agus i gcomhthéacs an téarnaimh;
  • Na dúshláin a raibh na hairí ag súil leo le linn an téarnaimh i gcoitinne, ach go háirithe agus ionstraimí an phacáiste téarnaimh á n-úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí fuinnimh agus leis an nuálaíocht.
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Léirigh géarchéim an choróinvíris a thapúla is féidir leis an nuálaíocht dul i bhfeidhm ar ár saol laethúil, má bhíonn gá lena leithéid. Creidimse gur féidir, le hearnáil an fhuinnimh, na réitigh teicneolaíochta nuálacha atá ar fáil i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, i stóráil fuinnimh, i bhfoirgnimh chliste nó sa leictrea-shoghluaisteacht, tionchar suntasach a imirt ar ár ngeilleagair agus, ag an am céanna, tacú le gnólachtaí áitiúla.
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite

D'aontaigh na hairí go mbeidh teicneolaíochtaí fuinnimh nuálacha amhail eangacha cliste, hidrigin (go háirithe as foinsí in-athnuaite) agus fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus fuinneamh in-athnuaite ar tír an-tábhachtach do chruthú post, d'iomaíochas agus do dhícharbónú na hEorpa. Beidh ról lárnach ag na hinfheistíochtaí in athchóiriú foirgneamh don téarnamh eacnamaíoch i gcoitinne. Sa chomhthéacs sin, chuir na hairí in iúl go raibh siad ag tnúth le straitéis an Choimisiúin maidir leis an rabharta athchóirithe.

Maidir le teicneolaíochtaí le haghaidh comhtháthú na hearnála cliste, go háirithe a mhéid a bhaineann le hidrigin, chuir roinnt airí i dtreis a dtábhacht, agus chuir siad i bhfios go láidir go raibh siad ag súil le straitéis le haghaidh comhtháthú na hearnála cliste agus le straitéis hidrigine ón gCoimisiún.

Luaigh roinnt airí gur leagadh amach cheana féin cuid mhór de na riachtanais infheistíochta bhreise a bhaineann le fuinneamh, leis an aeráid agus leis an iompar i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát. Mhol siad go bhféadfaí tús áite a thabhairt do chuid de na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le fuinneamh, rud a chuideodh leis an téarnamh eacnamaíoch.

Tosaíocht shonrach de chuid Uachtaránacht na Cróite ab ea an tacaíocht a thugtar d'oileáin atá glan ar fhuinneamh a athneartú. Thapaigh an tAire Ćorić an deis buíochas a ghabháil leis na hairí as an rannchuidiú a rinne siad le cúpla mí anuas le linn an phróisis chun Meabhrán Split a chruthú.

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus faoi chlár oibre athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir toscaireacht na Liotuáine na hairí ar an eolas maidir le cur chun feidhme na moltaí maidir le sábháilteacht núicléach a leagtar amach i dtuarascáil phiar-athbhreithnithe an Aontais ar thástálacha struis stáisiún núicléach na Bealarúise.

Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre don dara leath de 2020 i réimse an fhuinnimh i láthair.

Ba é Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Rinne an Coimisinéir Kadri Simson ionadaíocht don Choimisiún.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025