"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Físchomhdháil na n-airí iompair, 4 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Ag an tríú físchomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí acu, phléigh airí iompair an Aontais téarnamh inbhuanaithe digiteach na hearnála iompair tar éis ráig COVID-19.
Ba é Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Rinne an Coimisinéir Adina Vălean ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin.
San idirphlé, iarradh ar na hairí machnamh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
na tionscnaimh agus na hinfheistíochtaí is práinní do théarnamh inbhuanaithe digiteach agus lenar féidir an earnáil a dhéanamh níos athléimní, agus
na huirlisí is fearr sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Ag obair dúinn i dtreo téarnaimh, tá an deis againn anois dlús a chur le glasú na hearnála iompair, rud a chuirfidh borradh faoinár dtionscal. Ina theannta sin, tá an pacáiste maidir le téarnamh airgeadais a thíolaic an Coimisiún níos mó ná riamh, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí an earnáil iompair a mheas tríd is tríd sa phlé ar an mbuiséad nua. Tá ár n-earnáil ríthábhachtach do gheilleagar na hEorpa agus don trádáil dhomhanda agus, lena chois sin, don uaillmhian fhoriomlán maidir leis an aeráid ar leibhéal an Aontais.
Oleg Butković, Aire Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite
D’athdhearbhaigh na hairí san idirphlé an tábhacht a bhaineann le cur chuige comhordaithe maidir le bearta a thabhairt isteach chun stop a chur le scaipeadh an víris agus leis an straitéis scoir a chur i bhfeidhm, agus maidir leis an téarnamh a dhaingniú.
Ba dhíol sásaimh dóibh an pacáiste turasóireachta agus iompair a thíolaic an Coimisiún i mí na Bealtaine, ina bhfuil treoirlínte úsáideacha d’earnáil an iompair. Chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil gá le prótacail chomhchuibhithe sláinte chun seirbhísí trasteorann a áirithiú.
Dhearbhaigh na hairí go bhfuil gá le for-rochtain dhomhanda d’fhonn réiteach a fháil ar shaincheisteanna a bhaineann le hathrú foirne chun gur féidir le maraithe de chuid an Aontais agus maraithe tríú tíortha araon filleadh abhaile nó dul i mbun turais nua go sábháilte i gcalafoirt an Aontais agus i gcalafoirt neamh-Aontais araon.
D’aontaigh na Ballstáit go mbeidh tacaíocht airgeadais ag teastáil ón earnáil iompair, earnáil atá thíos go mór leis an bpaindéim. Mheas líon mór airí gur cheart tiomantas don tsoghluaisteacht níos glaine agus níos inbhuanaithe a bheith mar thionlacan le hinfheistíocht phoiblí i dtéarnamh na hearnála iompair.
A mhéid a bhaineann le coincheap na hinbhuanaitheachta, d’aontaigh na Ballstáit nár cheart an méid sin a theorannú do ghlasú na hearnála ach gur cheart gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha den tionscal iompair a áireamh ann freisin.
Chuir roinnt airí in iúl go gcuirfidh roinnt tograí reachtacha reatha, amhail an t-athbhreithniú ar chearta paisinéirí iarnróid agus an tEoraifínéad, le hinbhuanaitheacht an iompair. Ach a gcuirfí an obair ar an togra maidir le Bliain Eorpach na nIarnród (2021) i gcrích, bheadh na tairbhí a bhaineann le traenacha a úsáid níos feiceálaí do phaisinéirí agus do ghnólachtaí.
D’eisigh airí as 23 Bhallstát ráiteas inar iarradh go mbeadh ardán ann chun comhar a éascú i measc na mBallstát agus le tíortha nach bhfuil san Aontas, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, lena ndíreofaí ar fheabhas a chur ar sheirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí. D’oibreodh an t-ardán go dlúth leis an earnáil iarnróid agus le heagraíochtaí paisinéirí.
Luaigh roinnt airí nach mór úsáid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú ionas go mbeidh an eitlíocht níos inbhuanaithe.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfeadh an tAontas an chéim phíolótach den Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) chun feidhme, scéim a gcuirfear tús léi an bhliain seo chugainn.
Mheas na hairí go bhfuil móiminteam ann, a bhuí leis an ngéarchéim, chun aistriú chuig seirbhísí agus próiseas riaracháin níos digití, rud a laghdóidh an spleáchas ar pháipéarachas fisiciúil iomarcach.
Ba dhíol sásaimh do na hairí go nglacfar go luath na dréachtchonclúidí ón gComhairle maidir le hearnáil uisce-iompair atá neodrach ó thaobh carbóin de, saor ó thionóiscí, uathoibrithe agus iomaíoch. Seoladh nós imeachta i scríbhinn inné chun go nglacfadh an Chomhairle na conclúidí sin.
Ar deireadh, d’iarr na hairí go mbunófaí straitéis chomhordaithe chothrom don téarnamh d’earnáil an iompair, lena gcuirfí le chéile cosaint ríthábhachtach an tsláinte phoiblí agus an téarnamh eacnamaíoch oibríochtúil. Ní mór an straitéis sin a chur i gcrích sna seachtainí amach romhainn.
Rinne an uachtaránacht achoimre ar an idirphlé.
Faoi aon ghnó eile, thíolaic uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre i réimse an iompair don dara leath de 2020.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.