Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí fuinnimh, 31 Márta 2026

Na príomhthorthaí

Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile le haghaidh físchomhdháil neamhfhoirmiúil i bhfianaise a bhfuil ag titim amach sa Mheánoirthear. Agus an choinbhleacht ar siúl sa dara mí, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le cur chuige an Aontais i ndáil le fuinneamh a chomhordú.

<p>Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire</p>

Tá ár soláthar fuinnimh slán agus tá uirlisí agus rialacha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach cheana féin chun a chobhsaíocht a chinntiú. Mar sin féin, tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun ár saoránaigh agus ár dtionscail a chosaint ar na harduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair. Ní mór dúinn é sin a dhéanamh agus ár neamhspleáchas fuinnimh á chosaint againn ar an mbealach i dtreo earnáil fuinnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de.

<p>Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire</p>

Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire

Tá an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus an éagobhsaíocht gheopholaitiúil a eascraíonn aisti ag cur isteach níos mó agus níos mó ar mhargaí domhanda ola agus gáis, rud a fhágann go bhfuil praghsanna fuinnimh ag ardú ar fud an domhain. Ó thús na coinbhleachta, tá ardú thart ar 70 % tagtha ar phraghsanna gáis agus méadú 50 % ar phraghsanna ola san Aontas.

I bhfianaise an mhéid sin, roinn na hairí a measúnú maidir leis an staid sna margaí fuinnimh. D’aithin siad i gcoitinne go bhfuil slándáil soláthair an Aontais fós faoi chosaint ag an gcéim seo. Ag an am céanna, d’aontaigh siad freisin go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha.

Sna hidirghabhálacha a rinne siad, dhírigh airí fuinnimh an Aontais ar bhealaí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar an luaineacht sna margaí ola agus gáis ar bhealach comhordaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus freagairtí náisiúnta ilroinnte agus bearta frithghnímh á seachaint.

Chomhaontaigh na hairí freisin go bhfuil sé ríthábhachtach ullmhúchán tráthúil rianúil a dhéanamh don gheimhreadh atá le teacht, le hinstealltaí luatha stórála gáis, chun praghsanna arda a mhaolú agus teannas sa mhargadh a sheachaint.

Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an méid fuinnimh a ídítear a laghdú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Aibreán 2026