"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 16 Márta 2026
Na príomhthorthaí
An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha
Bhí díospóireacht bheartais ag airí fuinnimh an Aontais faoin bpacáiste um na heangacha Eorpacha, inar díríodh ar na tograí ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an rialachán atá ann cheana maidir leis an mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh (GTE-F) agus le haghaidh na treorach maidir le ceadú, a tíolacadh an 10 Nollaig 2025.
Is é is aidhm do phacáiste um na heangacha feabhas a chur ar an idirnascacht trasteorann, borradh a chur faoin leictriúchán agus dlús a chur le ceadú na n-eangach, agus an bonneagar trasteorann a dhéanamh níos athléimní agus níos sláine.
Bíonn an Eoraip uathrialach athléimneach nuair a bhíonn ceangal láidir aici leis an domhan mórthimpeall uirthi. Is Eoraip í sin nach stopann an tslándáil fuinnimh ag teorainneacha náisiúnta inti. Is léir ón méadú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh agus ón éagobhsaíocht dhomhanda go bhfuil sé ina riachtanas straitéiseach anois an idirnascacht trasteorann san Aontas a fheabhsú agus a chur chun cinn. Is céim thábhachtach é an plé cuiditheach a bhí againn i dtreo pacáiste um na heangacha Eorpacha a bhaint amach go pras, chun fuinneamh inacmhainne dúchasach a chinntiú chun go mbeidh rath ar ár dtionscail agus chun costas billí tomhaltóirí a laghdú ar fud an Aontais.
Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire
Dhírigh na hairí ar thrí shaincheist: pleanáil chomhtháite le haghaidh bonneagar fuinnimh bunaithe ar chás coiteann, maoiniú na n-eangach agus comhroinnt costas agus féachaint ar bhealaí chun dlús a chur le deonú ceadanna, agus an comhshaol á chosaint agus inniúlachtaí thíortha an Aontais á n-urramú ag an am céanna.
Plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne: bliain níos déanaí
Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an bplean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne, a thíolaic an Coimisiún bliain ó shin agus arb é is aidhm dó costais fuinnimh a laghdú.
Le linn an tseisiúin tuairimíochta, chuir na hairí fuinnimh i láthair na bearta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic go héifeachtach le praghsanna arda fuinnimh, agus phléigh siad bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa ghearrthéarma, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe as cuimse atá ag teacht ar phraghsanna gáis agus ola mar gheall ar an staid i réigiún na Murascaille.
Leag na hairí béim ar an ngá atá le hidirghabhálacha gearrthéarmacha spriocdhírithe chun faoiseamh a thabhairt do réigiúin agus d’earnálacha atá thíos le luaineacht praghsanna, agus comharthaí infheistíochta fadtéarmacha á gcaomhnú ag an am céanna do na teicneolaíochtaí in-athnuaite agus ísealcharbóin is gá don aistriú fuinnimh. Bhí intuarthacht rialála le haghaidh infheistíochtaí ina príomhghné den phlé freisin, agus mhol go leor Ballstát go gcuirfí leis na córais agus na sásraí de chuid an Aontais atá ann cheana, mar shampla, an córas trádála astaíochtaí agus dearadh reatha an mhargaidh leictreachais.
An tslándáil fuinnimh: na ceachtanna a foghlaimíodh ón Úcráin agus ón Mholdóiv
Roinn na hairí a dtuairimí maidir le hullmhacht an Aontais a neartú trí cheachtanna teicniúla agus oibríochtúla comhroinnte leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. D’fhéach siad freisin ar bhealaí chun slándáil fhrithpháirteach fuinnimh agus comhar idir an tAontas agus a chomhpháirtithe a chur chun cinn, trí shreafaí déthreocha fuinnimh a éascú.
Bhí Aire Fuinnimh na Moldóive, Dorin Junghietu agus Céad Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine, arb é Aire Fuinnimh na hÚcráine é freisin, Denys Shmyhal, ina dteannta.
Le linn an lóin, bhí Stiúrthóir ad interim ACER, Volker Zuleger, agus Ard-Stiúrthóir Stiúrthóireacht Tionscadal BEI, Laura Piovesan, i dteannta na n-airí chun plé a dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí dlús a chur le hinfheistíochtaí san fhuinneamh glan ar mhaithe le hiomaíochas na hEorpa.
Plé eile
Le linn an chruinnithe, cuireadh na hairí ar an eolas freisin maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
Tharraing an Ostair aird na Comhairle ar fheabhas a chur ar an ord fiúntais, ar an trédhearcacht agus ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chur ar aghaidh costais CTA i bpraghsanna leictreachais lá roimh ré an Aontais.
Chuir an Ungáir agus an tSlóvaic eolas ar fáil maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair ola a bhaineann leis an gcur isteach ar phíblíne ola Druzhba.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.