Timeline - Accessibility
The EU aims to make various products and services more accessible for older people and people with disabilities, while respecting the principle of equal treatment.
-
2019
-
9 Aibreán Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta: An Ionstraim Inrochtaineachta glactha ag an gComhairle
Caitheadh vóta ar an togra i bParlaimint na hEorpa ar an 13 Márta 2019 agus ghlac an Chomhairle an Ionstraim Inrochtaineachta ansin.
-
2018
-
8 Samhain Táirgí agus seirbhísí níos inrochtana do shaoránaigh an Aontais: comhaontú sealadach
D'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe sa Chomhairle an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa ar an 8 Samhain 2018 maidir leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta.
-
2017
-
7 Nollaig Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an Treoir maidir le hinrochtaineacht. A bhuí leis an reachtaíocht sin, beidh sé i bhfad níos fusa do dhaoine faoi mhíchumas teacht a bheith acu ar tháirgí agus seirbhísí.
-
2015
-
4 Nollaig Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí: togra
Chuir an Coimisiún an togra uaidh faoi bhráid na Comhairle. D'fhágfadh an togra seo go mbeadh rochtain níos éasca ag daoine atá faoi mhíchumas ar tháirgí agus seirbhísí éagsúla san Aontas.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025