- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07-08/12/2017, 7-8 Nollaig 2017
Na príomhthorthaí
An tSláinte - 8 Nollaig 2017
Rinne na hairí an staid mar atá maidir leis an mbeartas cógaisíochta san Aontas a mheas, agus dhírígh siad ar pheirspictíochtaí amach anseo. Is éard a bhí sa díospóireacht ná freagairt don ghá atá leis an gcothromaíocht idir córais chógaisíochta san Aontas gona Bhallstáit a neartú.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le gnéithe trasteorann i mbeartas alcóil. Dírítear sna conclúidí sin ar ghnéithe trasteorann amhail lipéadú, fógraíocht trí na meáin shóisialta agus iompar trasteorann deochanna alcólacha.
Is cúis áthais dom gur chuir na Ballstáit teachtaireacht láidir amach go dtugtar tús áite don tsláinte phoiblí thar aon leas eacnamaíoch. Is í an Eoraip an áit is mó ólachán ar domhan agus is í an áit is mó díobháil de dheasca ólacháin dá bharr. Is i lámha na mBallstát atá formhór na n-uirlisí chun dul i ngleic leis sin. Dhíríomar ar shaincheisteanna trasteorann, dá bhrí sin, ar féidir aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos éifeachtaí trí chomhar níos fearr a bheith ann idir na Ballstáit. Jevgeni Ossinovski, Uachtarán na Comhairle agus Aire Sláinte agus Saothair na hEastóine
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis "an tSláinte sa tSochaí Dhigiteach – ascnamh a dhéanamh sa nuálaíocht shonraí-bhunaithe i réimse na sláinte".
D'oibríomar go dian le linn Uachtaránacht na hEastóine chun an nuálaíocht dhigiteach sa chúram sláinte a fheabhsú. Agus ríomhsheirbhísí sábháilte ar chaighdeán maith a chur ar fáil, féadfaimid feabhas a chur ar chóireáil othar agus a áirithiú go bhfuil córais sláinte na mBallstát níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Jevgeni Ossinovski, Uachtarán na Comhairle agus Aire Sláinte agus Saothair na hEastóine
An Fhostaíocht agus beartas sóisialta - 7 Nollaig 2017
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le hinrochtaineacht. A bhuí leis an reachtaíocht sin, bheadh sé i bhfad níos fusa do dhaoine faoi mhíchumas teacht a bheith acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí.
Ba cheart an deis a bheith ag gach duine san Eoraip cion céadach a bhaint as an saol, agus an comhdheis a bheith aige barr a chumais a bhaint amach. A bhuíochas don ghealltanas atá tugtha inniu, is fusa do dhaoine faoi mhíchumas, mar aon le daoine scothaosta agus leo siúd a bhfuil fadhbanna neamhbhuana sláinte acu, teacht a bheith acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí. Leis na réitigh theicneolaíochta cliste atá le fáil sa lá atá inniu ann, féadfaidh sochaithe i bhfad níos cuimsithí a bheith againn a áirithíonn caighdeán saoil níos fearr do chách. Kaia Iva, Aire Cosanta na hEastóine, agus Uachtarán na Comhairle
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú páirteach faoina seasamh (cur chuige páirteach) i dtaca leis an rialachán maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Leis an gcomhaontú sin cuimsítear na caibidlí faoi shocair cúraim fhadtéarmaigh agus sochair theaghlaigh. Éascófar soghluaisteacht an lucht saothair agus tugtar isteach coimircí níos fearr do chearta na saoránach i gcásanna trasteorann.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin faoi threoir maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí lena ndéantar dálaí oibre na maraithe a fheabhsú. Is ar an méid seo a leanas atá sé dírithe: cearta na maraithe a chosaint i gcásanna ina ndéanfaí iad a thréigean, agus cuirtear ráthaíochtaí i leith éilimh chonarthacha ar fáil i gcás báis, nó i gcás ina bhfágtar iad le míchumas fadtéarmach.
Rinne an Chomhairle measúnú freisin ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le cóir chomhionann agus le cothromaíocht oibre is saoil.
Chomh maith leis sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí i dtaca le Seimeastar Eorpach 2018, i bhfianaise an phacáiste eacnamaíoch a thíolaic an Coimisiún i mí na Samhna. D’fhormheas an Chomhairle gnéithe sóisialta agus fostaíochta an mholta maidir leis an limistéar Euro.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid seo a leanas: "A bhfuil i ndán don obair: An ríomhobair a éascú","Feabhas a chur ar thacaíocht phobalbhunaithe agus ar chúram pobalbhunaithe do mhaireachtáil neamhspleách" agus "Bearta feabhsaithe chun leithscaradh inscne cothrománach a laghdú san oideachas agus san fhostaíocht."
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an treoir maidir le carcanaiginí nó só-ghineacha ag an obair, d'fhonn cosaint oibrithe ar 13 charcanaigin a fheabhsú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07-08 Nollaig 2017
- Cúlra faisnéise
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07-08 Nollaig 2017
- Liosta míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07-08 Nollaig 2017
- Clár táscach
Preaseisiúintí
- Gnéithe trasteorann i mbeartas alcóil: Conclúidí ón gComhairle
- 08/12/2017
- Sláinte dhigiteach: Conclúidí ón gComhairle
- 08/12/2017
- Dálaí oibre níos fearr do mharaithe: Comhaontú idir comhpháirtithe sóisialta formheasta ag an gComhairle
- 07/12/2017
- Inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
- 07/12/2017
- Ag cur leis an gcobhsaíocht agus leis an tsíocháin dhomhanda: Tá feabhsuithe glactha ag an gComhairle maidir le hionstraim chúnaimh an Aontais
- 07/12/2017
- Baincéireacht: Tá glactha ag an gComhairle le hordlathas creidiúnaithe, rialacha do IFRS 9 / neamhchosaintí móra
- 07/12/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2018
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta, beartas sóisialta agus sláinte ar bheartas sóisialta, 17-18/04/2018
- Cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na n-airí fostaíochta, beartais shóisialta agus sláinte maidir le cúrsaí sláinte, 23/04/2018
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025