Skip to content

Maoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2013

Cad iad na hathruithe ar mhaoiniú, ar bhainistiú agus ar fhaireachán?

Táthar tar éis na rialacha maidir le maoiniú, le bainistiú agus le faireachán an Chomhbheartais Talmhaíochta a thabhairt le chéile in aon rialachán amháin. Táthar tar éis an-chuid de na rialacha maidir le maoiniú agus bainistiú na n-íocaíochtaí díreacha, na mbeart margaidh agus fhorbairt na tuaithe a chomhchuibhiú.

Tarraingeofar siarcabhair a íocadh go míchuí agus leagfar síos prionsabail ghinearálta maidir leis na pionóis uile a ghearrfar ar thairbhithe nach gcomhlíonann na coinníollacha agus na hoibleagáidí.

Chun daoine a chur ó iompar míchuí agus ag an am céanna chun dualgas a chur ar fheirmeoirí a bheith stuama agus cistí poiblí á gcaitheamh acu, déanfarainmneacha na ndaoine a bhaineann tairbhe as ciste an Chomhbheartais Talmhaíochta a fhoilsiú.

Is trí íocaíochtaí díreacha a laghdú a mhaoineofar cúlchiste na ngéarchéimeanna lena rachfar i ngleic le suaitheadh margaidh. Na cistí sin nár úsáideadh, íocfar ar ais leis na feirmeoirí iad.

Athruithe ar an mbuiséad agus ar chistiú

Is mar seo a leanasa dháilfear an t-airgead idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (mar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí):

  • colún 1: 76.6% de bhuiséad an Chomhbheartais Talmhaíochta, ionann is 29% de bhuiséad an Aontais, nó €312.74 billiún
  • colún 2: 23.4% de bhuiséad an Chomhbheartais Talmhaíochta, ionann is 9% de bhuiséad an Aontais, nó €95.58 billiún

Smacht airgeadais: Má léiríonn na réamhaisnéisí go sárófar uasteorainn bhuiséad bhliantúil an Chomhbheartais Talmhaíochta, laghdófar na híocaíochtaí díreacha ar bhonn líneach (díolmhófar feirmeoirí beaga). Maoineofar an ciste le haghaidh géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta leis na ciorruithe líneacha sin.