An Íoslainn
Chuir an Íoslainn isteach ar bhallraíocht an Aontais i mí Iúil 2009. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais i mí Iúil 2010. Arna iarraidh sin don Íoslainn, cuireadh an chaibidlíocht aontachais ar feitheamh i mí na Nollag 2013. I mí an Mhárta 2015, d’iarr an Íoslainn gan a bheith ina tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, agus thug an Chomhairle an méid sin dá haire.
Iarratas ar bhallraíocht san Aontas
Cuireadh iarratas na hÍoslainne ar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh isteach ar an 17 Iúil 2009.
Ag a cruinniú a bhí aici an 27 Iúil 2009, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a thuairim ar iarratas na hÍoslainne a thíolacadh. Thug an Coimisiún tuairim dhearfach uaidh an 24 Feabhra 2010 agus mhol sé go dtionscnófaí caibidlíocht aontachais.
An chaibidlíocht maidir le haontachas
Tús curtha leis an gcaibidlíocht
Ag cruinniú an 17 Meitheamh 2010, thug an Chomhairle Eorpach dá haire gur chomhlíon an Íoslainn le critéir Chóbanhávan agus chinn sí gur cheart caibidlíocht aontachais a thionscnamh. D'aontaigh an Chomhairle creat don chaibidlíocht leis an Íoslainn an 26 Iúil 2010, rud a chuir tús oifigiúil leis an gcaibidlíocht.
Stádas na caibidlíochta
An 17 Nollaig 2013, thug an Chomhairle dá haire go bhfuiltear go mór chun cinn sa chaibidlíocht aontachais leis an Íoslainn agus thug sí dá haire an cinneadh ó Rialtas na hÍoslainne caibidlíocht aontachais a chur ar feitheamh. Chuir an Chomhairle in iúl gur chreid sí go mbeadh aontachas na hÍoslainne chun leasa do chách. Chuir an Chomhairle in iúl freisin go raibh an tAontas réidh chun leanúint den phróiseas caibidlíochta, dá gcinnfeadh an Íoslainn atosú.
An 12 Márta 2015, i litir chuig Uachtaránacht na Comhairle, dhearbhaigh Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍoslainne nach raibh sé i gceist ag rialtas na hÍoslainne an plé maidir le haontachas a chur ar bun arís agus chuir sé in iúl nár cheart an Íoslainn a mheas ina tír is iarrthóir. Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha in iúl an athuair an tábhacht a bhaineann le dlúthchaidreamh agus dlúthchomhar leanúnach idir an tAontas agus an Íoslainn bunaithe, go háirithe, ar Chomhaontú LEE. Thug Uachtaránacht na Comhairle an litir dá haire.
Tar éis na n-olltoghchán san Íoslainn an 25 Meán Fómhair 2021, leag comhrialtas na hÍoslainne clár polaitiúil amach inar athdhearbhaíodh a seasamh nach raibh an Íoslainn ag lorg ballraíochta san Aontas agus go ndíreodh sí ar chomhaontú LEE a chur chun feidhme agus a fhorbairt ar bhealach lena gcinnteofar leas agus ceannasacht na hÍoslainne.
Cruinnithe na comhdhála aontachais
A luaithe a chuirtear tús leis an gcaibidlíocht aontachais, bíonn an chaibidlíocht ar siúl ag comhdháilidir-rialtasach (ar a dtugtar ‘comhdháil aontachais’ freisin) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus an tír is iarrthóir. Cuirtear san áireamh sa chaibidlíocht 35 réimse beartais éagsúla (ar a dtugtar caibidlí). Is féidir leis na cruinnithe sin a bheith ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.
As 35 chaibidil caibidlíochta, osclaíodh 27 gcaibidil don chaibidlíocht agus dúnadh 11 chaibidil díobh sin go sealadach.
Sular cuireadh an chaibidlíocht aontachais ar feitheamh, bhí cruinnithe comhdhála aontachais ag an Aontas agus an Íoslainn idir Iúil 2010 agus Nollaig 2012. Tionóladh an chomhdháil dheireanach aontachais an 18 Nollaig 2012 ar leibhéal na n-airí.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: