An Seimeastar Eorpach in 2022
-
2022
-
12 Iúil An nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: conclúidí glactha ag an gComhairle
An 12 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe 2022 faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
Chuir an Chomhairle (Ecofin) i dtreis gur nós imeachta lárnach sa Seimeastar Eorpach é an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus í ag iarraidh go gcuirfí an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha chun feidhme ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear dlúthfhaireachán ar mhíchothromaíochtaí atá ann cheana féin agus ar mhíchothromaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus idirdhealú á dhéanamh aici idir tosca timthriallacha agus struchtúracha, agus ar dhul chun cinn agus riachtanais beartais.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle freisin gur cheart úsáid lánacmhainneachta a bhaint as an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, ar bhealach trédhearcach leanúnach, chun go gcinnteofar go mbeidh úinéireacht ag na Ballstáit ar an nós imeachta, lena n-áirítear gníomhachtú an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcásanna inarb iomchuí.
-
21 Meitheamh A tacaíocht tugtha ag an gComhairle Eorpach do mholtaí tírshonracha 2022
D’fhormhuinigh na hairí na moltaí tírshonracha do 2022 ina bhfuil treoir bheartais a bhaineann go sonrach le tír faoi leith maidir le hathchóirithe maicreacnamaíocha, fioscacha agus buiséadacha. Chuir siad ar aghaidh ansin iad chuig an gComhairle Eorpach ad lena bhformhuiniú.
Is éard atá sa Seimeastar Eorpach timthriall ina ndéantar comhordú ar bheartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, saothair agus shóisialta laistigh den Aontas. Is cuid é de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.
Le linn an tSeimeastair Eorpaigh, tugann na Ballstáit a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha i gcomhréir leis na cuspóirí agus rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais.
-
17 Meitheamh Seimeastar Eorpach 2022: comhaontú maidir leis na moltaí tír-shonracha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil lena cuid moltaí do 2022 maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát.
Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach na moltaí tírshonracha a fhormhuiniú ag ceann de na cruinnithe a bheidh aici amach anseo.
Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle dul ar aghaidh leis an nglacadh foirmiúil lena gcuirtear an chéim dheireanach de phróiseas Sheimeastar Eorpach 2022 i gcrích.
-
22 Márta Tuarascáil sintéise 2022 agus treochlár nuashonraithe
Ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, thíolaic Uachtaránacht na Fraince tuarascáil sintéise maidir leis an méid a chuir an Chomhairle leis an Seimeastar Eorpach in 2022, go háirithe an méid a chuir sí le ‘pacáiste an fhómhair’ a foilsíodh i mí na Samhna 2021 agus le díospóireachtaí a tionóladh i bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle.
Thíolaic an Uachtaránacht treochlár nuashonraithe freisin ina leagtar amach dátaí déanta an phlé is tábhachtaí.
Ina theannta sin, chomhaontaigh na hairí an dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormheas.
-
17 Márta An Seimeastar Eorpach a ghlasú
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le conas is féidir leis an Seimeastar Eorpach na dúshláin a bhaineann le haistriú glas atá cothrom agus cuimsitheach a chomhtháthú níos fearr, agus a chinntiú ag an am céanna go mbainfear amach na cuspóirí Eorpacha i gcomhrac an athraithe aeráide agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais chun an t-aistriú cóir i mbeartais eacnamaíocha a chur san áireamh, go háirithe ó thaobh anailís a dhéanamh ar leithdháileadh na n-éifeachtaí de, rud ba cheart a neartú sa Seimeastar Eorpach.
-
18 Eanáir Conclúidí glactha ag an gComhairle i ndáil leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh agus an suirbhé bliantúil don fhás inbhuanaithe
Ghlac na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais conclúidí i ndáil le tuarascáil 2022 maidir leis an sásra foláirimh agus i ndáil le suirbhé bliantúil 2022 don fhás inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin, cuireadh tús le próiseas bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha, saothair agus shóisialta na mBallstát. Ina theannta sin, d’fhormheas na hairí an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena fhormhuiniú i mí an Mhárta 2022.