"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 18 Eanáir 2022
Na príomhthorthaí
Tosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince
Chuir Uachtaránacht na Fraince i láthair a cuid tosaíochtaí do ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais don chéad leath de 2022. Bhí malartú tuairimí ag na hairí ina dhiaidh sin.
D’éirigh leis an Eoraip teacht chuici féin ón ngéarchéim eacnamaíoch is measa ó bhí 1929 ann. Ghlacamar an ghníomhaíocht cheart ag an am ceart. Mar sin féin, léirigh an ghéarchéim gur gá samhail eacnamaíoch úr a thógáil, bunaithe ar an uathriail straitéiseach. Cén cineál Eorpa ar mhaith linn a thógáil? Is mian linn Eoraip neamhspleách a bheith againn a bheidh in ann a cuid luachanna a chosaint, infheistíocht sa nuálaíocht agus in eochairtheicneolaíochtaí a chur chun cinn, agus an comhshaol a chosaint. Is mian linn samhail nua a thógáil a bheidh bunaithe ar an bhfás inbhuanaithe.
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin treoir atá beartaithe ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a chinntiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas. Tharla sé sin tar éis don Choimisiún a thogra le haghaidh treorach a thíolacadh ag deireadh mhí na Nollag. Dá bhrí sin, thapaigh Uachtaránacht na Fraince an deis a luaithe ab fhéidir an obair a thabhairt ar aghaidh ar leibhéal na Comhairle.
Ina gcuid idirghabhálacha, dhaingnigh na hairí gur tosaíocht é an comhad seo agus gur gá na rialacha comhaontaithe maidir le cánachas corparáideach idirnáisiúnta a thrasuí a luaithe is féidir.
Is é is aidhm don treoir Creat Cuimsitheach domhanda ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) i ndáil le hathchóiriú dhá cholún ar na rialacha maidir le cánachas corparáideach idirnáisiúnta a thrasuí i ndlí an Aontais. Garsprioc mhór atá sa chomhaontú sin, lena dtugtar 137 dtír agus dlínse le chéile, i dtreo córas cothrom éifeachtach cánachais i ndáil le brabús. Baineann an treoir leis an ‘Dara Colún’, mar a thugtar air, den athchóiriú, a thagann roimh an ‘gCéad Cholún’, ar a bhfuil obair theicniúil fós ar siúl i ndáil le Creat Cuimsitheach G20/ECFE um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS).
Is maith ann comhaontú an 8 Deireadh Fómhair 2021 don chomhphobal idirnáisiúnta agus, thar aon ní eile, don Eoraip. Cuirfidh sé cothroime, éifeachtúlacht agus cobhsaíocht ar fáil dár ngnólachtaí agus dár saoránaigh. Is cúis mhór áthais dom a dhéanamh amach ó phlé an lae inniu gur mian linn uile dul chun cinn pras a dhéanamh. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta san athchóiriú stairiúil seo agus is dea-scéala é sin.
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
The Council gave political guidance on new taxation rules for big multinational companies
An téarnamh eacnamaíoch
Phléigh na hairí eacnamaíocha agus airgeadais staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ag an gcéim seo, tá measúnuithe a rinne an Coimisiún ar Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta do chúig Bhallstát fós ar feitheamh. Ní mór do cheann de na cúig Bhallstát sin a phlean téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh go fóill. Ghníomhaigh an Chomhairle go pras maidir leis na tograí ón gCoimisiún agus ghlac sí cinntí cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar measúnuithe ar 22 phlean laistigh den chreat docht ama a leagtar síos sa rialachán. Tá an Coimisiún ag plé leis an mBulgáir, an Ungáir, an Pholainn agus an tSualainn maidir le measúnú a dhéanamh ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Go dtí seo, tá réamh-mhaoiniú (13% de na méideanna a iarradh) faighte ag 18 mBallstát , sin €54.2 billiún ar fad. Chun na pleananna a mhaoiniú, tá €71 bhilliún faighte ar iasacht cheana féin ag an gCoimisiún trí ionstraimí fadtéarmacha agus €28 mbilliún trí ionstraimí gearrthéarmacha ar na margaí airgeadais.
Is ionstraim téarnaimh shealadach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chuireann ar chumas an Choimisiúin fiachas a eisiúint thar ceann an Aontais chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme. Cuireann sé €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ar fáil in iasachtaí (€385.8 billiún) agus i ndeontais (€338 mbilliún).
Ina gcuid idirghabhálacha, leag roinnt mhaith airí béim ar a thábhachtaí atá sé eisíocaíocht phras a dhéanamh leis na Ballstáit. Tá an Chomhairle ag súil go ndéanfar an chuid is mó de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta in 2022.
Tá an Eoraip níos láidre sa lá atá inniu ann ná mar a bhí sí roimh an ngéarchéim. Tá ár n-aontacht agus ár ndlúthpháirtíocht léirithe againn ar fud an domhain agus sinn tagtha ar chomhaontú stairiúil maidir le pacáiste téarnaimh €750 billiún.
Tá 22 phlean téarnaimh agus athléimneachta formheasta againn anois agus tá réamh-mhaoiniú de €54.2 billiún san iomlán faighte ag 18 de na Ballstáit sin. Is dea-scéala é sin. Ní mór dúinn an móiminteam polaitiúil seo a choinneáil agus leanúint den infheistíocht inár dtodhchaí.
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)
An Seimeastar Eorpach 2022
Chuir an Chomhairle tús le próiseas bliantúil an ‘tSeimeastair Eorpaigh’ chun faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát. Ghlac sí conclúidí i ndáil le tuarascáil 2022 maidir leis an sásra foláirimh, chomh maith le conclúidí maidir le suirbhé bliantúil 2022 don fhás inbhuanaithe. D’fhormheas sí moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022. Cuirfear an moladh maidir leis an limistéar euro faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2022 lena fhormhuiniú sula bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh ag ceann de na cruinnithe Ecofin a bheidh aici amach anseo.
Thug na hairí treoir maidir le tuilleadh oibre a dhéanamh ar Théarmaí Tagartha an Aontais do G20, agus ar an gcaoi sin na hullmhúcháin don chruinniú a bheidh ag airí airgeadais G20 agus ag gobharnóirí na mbanc ceannais atá sceidealaithe don 17 agus don 18 Feabhra 2022 san Indinéis a chur chun cinn.
Aon ghnó eile
Faoi aon ghnó eile, thug an Uachtaránacht na hairí cothrom le dáta i dtaobh na dtograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Thug toscaireacht na Gearmáine na hairí cothrom le dáta i dtaobh thosaíochtaí Uachtaránacht G7. Cuireadh tuarascáil BEI is déanaí ar an infheistíocht faoi bhráid na n-airí chomh maith.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.