"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le comhaid an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, a thagann faoi shainchúram na Comhairle Comhshaoil. Is é is aidhm don phacáiste creat reachtach an Aontais maidir leis an aeráid agus fuinneamh a chur i gcomhréir leis an gcuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus an sprioc atá aige laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, le hais leibhéil 1990.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le córas trádála astaíochtaí a chur i bhfeidhm ar earnáil an iompair de bhóthar agus ar earnáil na bhfoirgneamh, agus go háirithe ar cé chomh héifeachtach a bheadh sé mar uirlis chun astaíochtaí a laghdú agus an sprioc -55% a bhaint amach in 2030.
Chuir na hairí i láthair roghanna agus príomhpharaiméadair a mheas siad a bheith ar na cinn is ábhartha chun feabhas a chur ar inghlacthacht shóisialta scéime den sórt sin agus a héifeachtúlacht á ráthú ag an am céanna, mar aon le roinnt roghanna malartacha ar an scéim sin a d’fhéadfadh a bheith ann.
Phléigh na hairí na paraiméadair ar cheart a shocrú don Chiste Sóisialta don Aeráid ionas go mbeadh sé in ann tacú go héifeachtach leis na grúpaí is leochailí má bhunaítear córas trádála astaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar agus in earnáil na bhfoirgneamh.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)
Ceallraí agus ceallraí dramhaíola
Ghlac na hairí cur chuige ginearálta i ndáil le togra le haghaidh rialachán lena nuashonraítear reachtaíocht an Aontais maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola.
Is príomheilimint den aistriú chuig fuinneamh glan iad ceallraí. Leis na rialacha nua, cuirfear iomaíochas thionscal agus shlabhraí táirgthe na hEorpa chun cinn agus, cuirfear tuilleadh ceallraí ar fáil dár n-aistriú i dtreo modhanna iompair atá saor ó astaíochtaí. Cinnteofar leis na rialacha nua go mbaileofar ceallraí caite mar is ceart agus nach bhfaighfear réidh leo sa chomhshaol. Cuirfidh sé sin cosc ar shubstaintí tocsaineacha atá iontu a bheith á scaoileadh sa chomhshaol agus, beidh sé fíor-éifeachtach chun teorainn a chur le cur amú ábhar lómhar a d’fhéadfaí a aisghabháil i gcomhthéacs geilleagair chiorclaigh.
Barbara Pompili – Aire Aistrithe Éiceolaíoch na Fraince
Is é is aidhm don togra tionchar comhshaoil agus sóisialta na gceallraí a laghdú le linn gach céime de shaolré na gceallraí – idir ábhair foinsithe agus táirgeadh, úsáid agus athchúrsáil.
Tá sé mar aidhm leis an togra freisin aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna sa mhargadh inmheánach de dheasca rialacha neamhchothroma agus faisnéis neamhchothrom, trí chothrom iomaíochta a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha trí shraith choiteann rialacha níos soiléire.
I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach (Grafaic faisnéise)
Dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i dtaca leis an togra ón gCoimisiún maidir le tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair a bhaineann le dífhoraoisiú nó díghrádú foraoise a laghdú a oiread agus is féidir.
Foilsíodh an togra an 17 Samhain 2021 agus leagtar síos ann rialacha éigeantacha díchill cuí d’oibritheoirí a chuireann tráchtearraí agus táirgí díorthaithe, amhail leathar, seacláid agus troscán, a bhaineann le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise, ar fáil ar mhargadh an Aontais.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbealach chun córas díchill chuí éifeachtúil éifeachtach a chinntiú d’fhonn an inrianaitheacht is gá a bhaint amach chun a chinntiú nach mbeidh dífhoraoisiú ná díghrádú foraoise i gceist leis na táirgí atá sa rialachán. Roinn na hairí a gcuid tuairimí freisin agus chuir siad moltaí i láthair maidir le sainmhínithe comhchoiteanna ar phríomhthéarmaí le haghaidh chur i bhfeidhm oibríochtúil an rialacháin.
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an Seimeastar Eorpach a Ghlasú. Timthriall chomhordú na mbeartas eacnamaíoch, fioscach, saothair agus sóisialta laistigh den Aontas is ea an Seimeastar Eorpach.
Dhírigh na hairí a bplé ar conas is féidir leis an Seimeastar Eorpach na dúshláin a bhaineann le haistriú glas cuimsitheach cóir a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, agus a chinntiú ag an am céanna go mbainfear amach na cuspóirí na hEorpa i gcomhrac an athraithe aeráide agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais chun an t-aistriú cóir a áireamh sna beartais eacnamaíocha, go háirithe i dtaca le hanailís a dhéanamh ar dháileadh na n-éifeachtaí, rud ar cheart a neartú sa Seimeastar Eorpach.
Ghlac an Chomhairle, gan aon phlé, dhá chinneadh ón gComhairle maidir le seasamh an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe 4.2 i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair. Foráiltear leis an gCoinbhinsiún creat chun rialú agus teorannú a dhéanamh ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair agus ar astaíochtaí antrapaigineacha agus astaíochtaí ó shubstaintí den sórt sin in aer, uisce agus talamh, d’fhonn sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.
Baineann an chéad chinneadh le leasú Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun a raon feidhme a leathnú go táirgí breise ar cuireadh mearcair leo, lena n-áirítear cineálacha áirithe lampaí. Baineann sé freisin le leasú ar Iarscríbhinn B chun a raon feidhme a leathnú trí dháta deiridh céimnithe amach a shocrú do phróiseas mearcair a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin.
Is é is aidhm don dara cinneadh raon feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le dramhaíl a shainiú ar bhealach níos cruinne, agus go háirithe Airteagal 11(3) maidir leis an oibleagáid an dramhaíl mhearcair lena mbaineann a chóireáil i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Beidh an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP) i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair ar siúl ón 21 go dtí an 25 Márta 2022 i mBailí na hIndinéise.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle an ráiteas tosaigh ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair. Rinneadh an ráiteas tosaigh a oiriúnú go háirithe chun seasamh an Aontais agus a Bhallstáit maidir leis an bhfogha míleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin a léiriú.
Truailleáin orgánacha mharthanacha
Chuir Uachtaránacht na Fraince na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna). Ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta ar leibhéal na n-ambasadóirí an 11 Márta mar ullmhúchán don chaibidlíocht thríthaobhach a dhéanfar le Parlaimint na hEorpa amach anseo.
Leasaítear leis an togra na hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán reatha, agus é mar aidhm leis astaíochtaí na gceimiceán sin ó dhramhaíl a dhíothú nó a íoslaghdú.
Cé nach n-úsáidtear truailleáin orgánacha mharthanacha a thuilleadh i dtáirgí nua de ghnáth, tá siad fós le fáil i ndramhaíl a thagann ó tháirgí áirithe tomhaltóirí amhail teicstílí uiscedhíonacha, troscán, plaistigh agus trealamh leictreonach. Leis an togra, tugtar isteach dianteorainneacha le haghaidh na 3 shubstaint, nó na ngrúpaí substaintí seo a leanas, i ndramhaíl:
aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile gaolmhara - a fhaightear i dteicstílí uiscedhíonacha agus i gcúr comhraicthe dóiteáin;
déchófól - lotnaidicíd a úsáideadh roimhe seo sa talmhaíocht;
peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir - a fhaightear in adhmad cóireáilte agus i dteicstílí.
Leagtar síos ann freisin teorainnluachanna níos déine do roinnt substaintí eile atá liostaithe cheana féin sna hiarscríbhinní, amhail dé-ocsainí agus fúráin, a fhaightear mar eisíontais i luaith agus i súiche. Ní mór dramhaíl a bhfuil cion POPanna os cionn na dteorainnluachanna sin inti a chóireáil ar bhealaí ar leith chun go gcinnteofar go ndéanfar an cion POPanna a scriosadh nó a chlaochlú ar bhealach do-aisiompaithe.
D’fhormheas an Chomhairle intinn an Choimisiúin gealltanas comhpháirteach neamhcheangailteach a thabhairt chun dlús a chur leis an athrú go córas fuinnimh glan-nialais trí Chlár Aistrithe Fuinnimh Ghlain na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA).
Gnó eile
Thug an Uachtaránacht agus an Coimisiún eolas uathu maidir leis an dara cuid den chúigiú seisiún de Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-5), a bhí ar siúl ón 28 Feabhra go dtí an 2 Márta in Nairobi, an Chéinia. Ba é téama foriomlán an tseisiúin ‘Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an dúlra a neartú chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach’.
Roinn an Coimisiún faisnéis i ndáil le togra nua le haghaidh treoir maidir leis an gcomhshaol a chosaint tríd an dlí coiriúil, lena sainítear cionta nua coiriúla comhshaoil agus lena dtugtar isteach forálacha níos mionsonraithe maidir le smachtbhannaí, rialacha chun forfheidhmiú a neartú agus bearta chun cabhrú le daoine a thuairiscíonn cionta agus a chomhoibríonn leis na húdaráis forfheidhmithe.
D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a dhaingniú.
Roinn toscaireachtaí na hEastóine agus na Fionlainne eolas faoi chomóradh 30 bliain an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta (an Coinbhinsiún Uisce). Glacadh an Coinbhinsiún Uisce i Heilsincí in 1992. Is ionstraim í atá ceangailteach ó thaobh dlí de lena gcuirtear comhar chun cinn i mbainistiú inbhuanaithe acmhainní uisce trasteorann.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.