"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí i ndáil le substaint na dtograí i dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, bunaithe go háirithe ar an anailís a rinne Ardrúnaíocht na Comhairle. Anuas air sin, thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht i ndáil leis sin.
Sa tuarascáil chríochnaitheach sin, a cuireadh faoi bhráid na dtrí chomhuachtarán ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa ag searmanas clabhsúir na Comhdhála an 9 Bealtaine, tá 49 dtogra agus iad roinnte ina 326 bheart. Leanfar den obair chun na socruithe praiticiúla a leagan amach chun na tograí sin a chur chun feidhme.
Thar tréimhse bliana, tá saoránaigh na hEorpa tar éis páirt a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa trí ghníomhaíochtaí comhairliúcháin agus machnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ba cheart freagra a thabhairt ar na tograí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin. Inniu tá an chéad chéim déanta againn chuige sin.
Clément Beaune, aire toscaire don Eoraip
Ag an searmanas clabhsúir an 9 Bealtaine 2022, d’athdhearbhaigh na comhuachtaráin, thar ceann gach ceann dá n-institiúidí, an gealltanas comhchoiteann a rinneadh tráth a glacadh an Dearbhú Comhpháirteach in 2021 obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na Comhdhála, laistigh de theorainneacha a réimse inniúlachta féin agus i gcomhréir leis an gConradh.
An Chomhairle Eorpach (an 23 agus an 24 Meitheamh)
D'ullmhaigh na hairí an chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 23 agus an 24 Meitheamh. Ag an gcruinniú seo den Chomhairle Eorpach, pléifidh ceannairí an Aontais na gnéithe éagsúla den staid mar atá mar gheall ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Scrúdóidh siad freisin iarratais na hÚcráine, na Seoirsia agus na Moldóive le dul isteach san Aontas Eorpach agus beidh díospóireacht straitéiseach acu maidir le caidreamh an Aontais Eorpaigh lena chomhpháirtithe san Eoraip. Anuas air sin, pléifidh siad an staid eacnamaíoch agus an obair leantach ar na tograí a rinne an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
D’fhormhuinigh na hairí na moltaí tírshonracha do 2022, ina bhfuil treoir beartais tírshonrach maidir le hathchóirithe maicreacnamaíocha, fioscacha agus buiséadacha, agus chuir siad ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach iad lena bhformhuiniú.
Timthriall chomhordú na mbeartas eacnamaíoch, buiséadach, saothair agus sóisialta laistigh den Aontas is ea an Seimeastar Eorpach. Is cuid de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh é.
Ag an Seimeastair Eorpaigh, tugann na Ballstáit a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais.
Trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla
I seisiún poiblí, thug an Uachtaránacht an t-eolas is deireanaí maidir leis an obair atá déanta ó thús an tseimeastair i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla agus chuir sí i láthair a smaointe maidir le tuilleadh oibre.
Thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh rialacháin an 25 Samhain 2021. Tá an togra ar cheann den dá phríomhghné den phacáiste ‘Daonlathas agus Sláine na dToghchán Eorpach’, le hathbhreithniú ar an rialachán maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla, ar ghlac an Chomhairle a sainordú ina leith i mí an Mhárta 2022 i bhfianaise an phlé atá le teacht leis an bParlaimint.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas, ag cur leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a ghnóthú, tairbhe a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas’. Tá sé mar aidhm ag an straitéis athnuaite sin ní hamháin freagairt do na dúshláin atá roimh na réigiúin is forimeallaí, ach a gcuid sócmhainní a aibhsiú freisin, chun forbairt chomhchuí na réigiún sin a chur chun cinn.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.