Timeline - Sanctions against cyber-attacks
-
2026
13 IúilSmachtbhannaí nua mar fhreagairt ar chibirionsaithe agus gníomhaíochtaí mailíseacha na Rúise
Chinn an Chomhairle smachtbhannaí a fhorchur ar naonúr daoine aonair Rúiseacha agus ar cheithre eintiteas atá freagrach as cibirionsaithe ar cibirionsaithe iad atá ina mbagairt sheachtrach ar Bhallstáit an Aontais agus as gníomhaíochtaí mailíseacha i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a bhfuil baint acu leis an méid sin
Áirítear orthu siúd atá faoi smachtbhannaí daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le hionsaithe bogearraí mailíseacha, oibríochtaí bogearraí éirice, feachtais fioscaireachta agus cibirionsaithe eile atá dírithe ar bhonneagar criticiúil agus ar sheirbhísí fíor-riachtanacha.
-
2026
11 BealtaineCouncil extends sanctions regime against cyber-attacks
The Council decided to extend the sanctions against actors involved in cyber-attacks threatening the EU and its member states until 18 May 2027.
The EU is deploying these sanctions to deter malicious cyber activities and uphold the international rules-based order by ensuring that those responsible are held to account.
-
2026
16 MártaSmachtbhannaí nua forchurtha i bhfianaise cibirionsaithe ar an Aontas
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí ar thrí eintiteas agus beirt daoine aonair atá freagrach as cibirionsaithe a dhéanamh ar Bhallstáit an Aontais agus ar chomhpháirtithe an Aontais. I measc na n-eintiteas atá liostaithe tá cuideachtaí atá lonnaithe san Iaráin agus sa tSín.
-
2025
12 BealtaineCibirionsaithe: Síneadh curtha ag an gComhairle leis na smachtbhannaí agus leis an gcreat dlíthiúil
Chinn an Chomhairle síneadh a chur leis na smachtbhannaí i gcoinne cibirionsaithe ar bagairt iad ar an Aontas agus ar a mBallstáit go ceannbliain eile, go dtí an 18 Bealtaine 2026.
Cuirtear síneadh 3 bliana leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh na mbeart sin go dtí an 18 Bealtaine 2028.
-
2025
27 EanáirSmachtbhannaí nua mar fhreagairt ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha i gcoinne na hEastóine
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne triúr Rúiseach a bhí freagrach as sraith cibirionsaithe a rinneadh i gcoinne Phoblacht na hEastóine in 2020.
Is oifigigh d’Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) Aonad 29155 iad na daoine aonair atá ar an liosta.
-
2024
24 MeitheamhSmachtbhannaí nua glactha ag an Aontas i gcoinne cibirionsaithe
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne seisear a raibh baint acu le cibirionsaithe a rinne difear do chórais faisnéise a bhain le bonneagar criticiúil, feidhmeanna criticiúla stáit, stóráil nó próiseáil faisnéise rúnaicmithe agus foirne práinnfhreagartha rialtais i mBallstáit an Aontais.
I measc na ndaoine ar ar gearradh smachtbhannaí tá baill de ghrúpaí Callisto, Armageddon agus Wizard Spider.
-
2022
16 BealtaineCibirionsaithe: síneadh curtha ag an gComhairle leis an gcóras smachtbhannaí
Chinn an Chomhairle síneadh trí bliana, go dtí an 18 Bealtaine 2025, a chur leis an gcreat do bhearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas agus ar a Bhallstáit.
Leis an gcreat sin tá sé ar chumas an Aontais bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur ar dhaoine nó ar eintitis a bhfuil baint acu le cibirionsaithe a mbíonn tionchar suntasach acu, agus atá ina mbagairt sheachtrach ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.
-
2021
17 BealtaineCibirionsaithe: síneadh curtha ag an gComhairle leis an gcóras smachtbhannaí
Chinn an Chomhairle síneadh bliana, go dtí an 18 Bealtaine 2022, a chur leis an gcreat do bhearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.
Leis an gcreat sin, tá sé ar chumas an Aontais bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur ar dhaoine nó ar eintitis a bhfuil baint acu le cibirionsaithe a mbíonn tionchar suntasach acu, agus atá ina mbagairt sheachtrach ar an Aontas nó ar a mBallstáit.
-
2020
22 Deireadh FómhairSmachtbhannaí mar gheall ar chibirionsaí ar an Bundestag
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar bheirt agus ar eintiteas amháin atá freagrach as cibirionsaí 2015 ar Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Bundestag). Bhí an cibirionsaí sin dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinnt laethanta.
-
2020
30 IúilNa chéad smachtbhannaí riamh forchurtha ag an Aontas i gcoinne cibirionsaithe
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur i gcoinne seisear agus trí eintiteas atá freagrach as cibirionsaithe éagsúla nó páirteach iontu. I measc na smachtbhannaí a fhorchuirtear, tá cosc ar thaisteal agus reo sócmhainní, agus níl cead ag daoine ná ag eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.
-
2019
17 BealtaineCibirionsaithe: Creat smachtbhannaí bunaithe ag an gComhairle
Bhunaigh an Chomhairle creat a ligeann don Aontas bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur chun cibirionsaithe a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu, más amhlaidh gur bagairt sheachtrachar an Aontas nó ar a Bhallstáit iad. Leis an gcinneadh sin, cuirtear ar chumas an Aontais den chéad uair smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine nó ar eintitis a dhéanann an méid seo a leanas:
- is cúis le cibirionsaithe nó le hiarrachtaí ar chibirionsaithe
- a chuireann tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha ar fáil d'ionsaithe den sórt sin
- atá rannpháirteach ar bhealaí eile
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026