- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Márta 2015 10:30
Cuireann an tAontas Eorpach síneadh le bailíocht na smachtbhannaí mar gheall ar ghníomh i gcoinne sláine chríche na hÚcráine
Chuir an Chomhairle fad le bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar ghníomh i gcoinne cheannasacht, shláine chríche agus neamhspleáchais na hÚcráine.
Cuireadh síneadh leis an reo sócmhainní agus na toirmisc taistil a feidhmíodh i leith 150 duine agus 37 n-eintiteas ar feadh 6 mhí eile, go dtí an 15 Meán Fómhair 2015.
Tugtar éifeacht, leis an gCinneadh sin, do chinneadh polaitiúil a rinneadh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 29 Eanáir 2015.
Féadfar teacht ar na gníomhartha dlíthiúla in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 14 Márta 2015.
- Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais maidir le sláine críche na hÚcráine, 15 Márta 2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Úcráin, 29 Eanáir 2015
- Bileog eolais faoin gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (SEGS)
- Bileog eolais AE - bearta sriantacha, an 29 Aibreán 2014
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024