Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 13/03/2015, 13 Márta 2015

Príomhthorthaí

Oscailt an mhargaidh iarnróid agus rialachas

Thionóil an Chomhairle díospóireacht phoiblí beartais maidir le dhá thogra chun seirbhísí iarnróid a fheabhsú san Aontas (an ceathrú pacáiste iarnróid). Tá sé mar aidhm leis na tograí seirbhísí paisinéirí a léirscaoileadh agus rialachas an bhonneagair iarnróid a neartú. "Cuideoidh díospóireacht bhisiúil an lae inniu linn dul ar aghaidh chun feidhmíocht agus iomaíochas earnáil iarnróid na hEorpa a chothú. Is mian linn teacht ar chur chuige ginearálta maidir leis an dá thogra faoi dheireadh na hUachtaránachta seo againn ", a dúirt Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitvia, cathaoirleach an chruinnithe.

Cuideoidh díospóireacht bhisiúil an lae inniu linn dul ar aghaidh agus feidhmíocht agus iomaíochas earnáil iarnróid na hEorpa a chothú. Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitvia

Beartas iompair, an fás agus poist

Ina theannta sin, phléigh na hAirí slite éagsúla ina bhféadfaí dlús a chur leis an iomaíochas, leis an bhfás agus le poist tríd an mbeartas iompair. D'fhéach na hAirí, i measc nithe eile, ar an gcaoi ina bhféadfaí líonra iompair an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí i gcomhthéacs an méadú atá ar an iomaíocht dhomhanda. " Fostaítear níos mó ná 10 milliún duine i dtionscal iompair an Aontais agus is ionann é agus tuairim is 9 % de OTI . Gintear fás, poist agus infheistíocht trí shoghluaisteacht bhreise inmheánach agus trí naisc sheachtracha níos éifeachtaí ", arsa an tAire Matīss. Coimreofar tuairimí na nAirí i dtuarascáil chomhpháirteach sintéise a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta mar chuid de phróiseas bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh.

Cruinniú Airí Iompair na hÁise agus na hEorpa (ASEM) atá ar na bioráin

Faoi 'aon ghnó eile', chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas maidir le tríú cruinniú Airí Iompair na hÁise agus na hEorpa maidir le forbairt na nasc iompair idir an Eoraip agus an Áise. Tionólfar an cruinniú sin i Ríge an 29-30 Aibreán.

An eitlíocht

Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas freisin faoin toradh a bhí ar an gComhdháil maidir le Córais na nAerárthaí a oibrítear faoi Chianstiúir (Córas Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS) nó ladrainn) i Ríge an 5-6 Márta, 2015. “Tá margadh forbarthach ann i leith Córas Aerárthaí Cianrialaithe. Ní mór dúinn timpeallacht infheistíochta fhabhrach a chruthú agus rialacha soiléire chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscal na ladrann san Eoraip le go bhfanfaidh sí ar thús cadhnaíochta ", a dúirt an tAire Matīss. Bhí ceisteanna eitlíochta — go háirithe an ról atá ag an eitlíocht mar phríomhspreagadh don fhás eacnamaíoch mar ábhar cainte ag na hAirí freisin i gcuibhreann dóibh. Cuideoidh an díospóireacht chun an pacáiste eitlíochta atá ar na bioráin ag an gCoimisiún a ullmhú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025