- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 16 Márta 2015 11:00
Dearbhú ón Ardionadaí ar son an Aontais Eorpaigh maidir leis an gCrimé
Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :
Cothrom an ama seo anuraidh reáchtáil Cónaidhm na Rúise “reifreann” mídhleathach agus neamhdhlisteanach agus, dá éis sin, rinne sí an Chrimé agus Sevastopol a nasc-ghabháil go mídhleathach, dá ainneoin sin tá an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do cheannasacht agus do shláine críche na hÚcráine.
Ní aithníonn an tAontas Eorpach an sárú seo ar an dlí idirnáisiúnta agus cáineann sé go seasta é. An nasc-ghabháil mhídhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol, is lombhagairt í ar an tslándáil idirnáisiúnta freisin, agus tá mórimpleachtaí aige maidir leis an dlíchóras idirnáisiúnta lena gcosnaítear aontacht agus ceannasacht na Stát uile.
Tá rún daingean ag an Aontas i gcónaí a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha. Iarrann an tAontas an athuair ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe féachaint an bhféadfaidís bearta comhchosúla neamhaitheantais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rún 68/262 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA).
Athdhearbhaíonn an tAontas a ghéarimní faoin dlúthú míleata atá ar siúl agus faoin meathlú ar staid chearta an duine ar leithinis na Crimé, lena n-áirítear saoirse cainte a thoirmeasc agus géarleanúint a dhéanamh ar dhaoine ar de ghrúpaí mionlacha iad Iarrann an tAontas Eorpach an athuair go dtabharfar rochtain iomlán, shaor agus neamhshrianta do ghníomhaithe idirnáisiúnta chearta an duine ar chríoch iomlán na hÚcráine, lena n-áirítear an Chrimé agus Sevastopol.
Tá na Tíortha seo a leanas is Iarrthóirí: an Tuirc, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró* agus an Albáin, an tír seo a leanas de chuid an Phróisis Chobhsaíochta agus Chomhlachais agus a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí amach anseo, an Bhosnia agus an Heirseagaivéin, agus Tíortha seo Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Lichtinstéin agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin agus an tSeoirsia, ag seasamh leis an Dearbhú seo.
* Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha den Aontas Eorpach iad: Rúisis
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024