Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16/03/2015, 16 Márta 2015

Príomhthorthaí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha

An Afraic

Rinne an Chomhairle dlúthphlé ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, inar díríodh ar an tsíocháin, an tslándáil, an rathúnas agus an chomhpháirtíocht.

Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: "Phléamar a riachtanaí atá sé aistriú ó chaidreamh de chineál deontóirí-faighteoirí go comhpháirtíocht iomlán polaitiúil leis an Afraic. Tuigimid go rí-mhaith gurb ionann cobhsaíocht na hAfraice agus cobhsaíocht na hEorpa agus go bhfuil leasanna comhpháirteacha againn, ní hamháin ar leibhéal déthaobhach ach ar an leibhéal domhanda freisin."

Táimid cinnte dearfa de nach bhfuil aon réiteach míleata ar an gcoinbhleacht seo, agus gur trí réiteach polaitiúil amháin a fhéadfar teacht ar bhealach inbhuanaithe chun tosaigh. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh 

An Libia

D'iarr an Chomhairle ar chomhpháirtithe uile na Libia páirt chuiditheach a ghlacadh san idirphlé atá á chur chun cinn ag na Náisiúin Aontaithe in Rabat lena áirithiú go mbunófar rialtas aontachta náisiúnta gan mhoill.

A luaithe agus a bheidh rialtas aontachta i bhfeidhm, beidh an tAontas Eorpach réidh lena thuilleadh tacaíochta a thabhairt don Libia. D’iarr an Chomhairle ar an Ardionadaí tograí a chur i láthair maidir le gníomhaíochtaí CBSC a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú leis na socruithe slándála, mar chuid de roghanna beartais níos leithne. 

Straitéis réigiúnach an Aontais Eorpaigh don tSiria agus don Iaráic agus don bhagairt ó ISIL/Da'esh 

Ghlac an Chomhairle straitéis ina leagtar amach an phleanáil atá á déanamh ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit chun dul i ngleic leis an mbagairt ó ISIL/Da'esh agus cabhrú an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú sa tSiria agus san Iaráic.

Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh iarracht chuimsitheach a dhéanamh ina ndíreofar ar bhunchás na gcoinbhleachtaí, trí thaidhleoireacht agus trí thacaíocht d'athchóirithe polaitiúla, trí fhorbairt eacnamaíoch agus trí athmhuintearas a chothú idir na grúpaí eitneacha éagsúla. Leithdháil an Coimisiún €1 bhilliún ar chur chun feidhme na straitéise sin do 2015 agus do 2016. 

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Chomhaontaigh an Chomhairle go dtiocfadh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin i bhfeidhm, rud a chuirfeadh an tír níos faide chun cinn agus í ar a bealach le bheith ina ball den Aontas Eorpach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025