Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 12 Meitheamh 2015 13:00

Clár d'idir-inoibritheacht na seirbhísí digiteacha ISA² — Leagann an Chomhairle amach a seasamh ina leith

An 12 Meitheamh 2015, ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le clár chun cabhrú leis na Ballstáit seirbhísí digiteacha idir-inoibritheacha a chur ar fáil (ISA²). Is é an aidhm atá leis a chinntiú go mbeidh comhlachtaí riaracháin phoiblí na hEorpa in ann idirghníomhú lena chéile agus leis na saoránaigh agus le gnólachtaí ar bhonn leictreonach gan fabht. Beidh an clár ISA2 ag tacú leis an idirghníomhú trasteorann agus trasearnálach. Beidh feidhm aige ó 2016 go 2020.

Rochtain níos fearr ar sheirbhísí poiblí ar fud an Aontais Eorpaigh

Is den tábhacht é go dtacófar leis an idir-inoibritheacht agus le comhordú níos fearr a dhéanamh ar na ríomhsheirbhísí Rialtais ar fad le cur le soghluaisteacht na saoránach agus na ngnólachtaí ar fud an Aontais. Le soghluaisteacht, caithfear idirghníomhú leictreonach a dhéanamh go mion minic le comhlachtaí riaracháin phoiblí na mBallstát. 

Dá gcuirfí feabhas ar an idir-inoibritheacht, b'fhearrde go mór na seirbhísí a bheadh ar fáil, ar costas níos lú agus ba lú freisin an t-ualach riaracháin. Ag an am céanna, chuirfí le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. 

Ag tógáil ar an clár reatha ISA  

Tiocfaidh ISA 2in ionad an chláir reatha ISA a mbeidh deireadh leis ag deireadh 2015, agus déanfaidh sé é an seanchlár a leathnú amach. Faoin gclár ISA, tacaítear le huirlisí chun sínithe leictreonacha a chruthú agus a fhíorú, le córais ríomhsheirbhísí sláinte trasteorann, agus le bogearraí foinse oscailte mar bhun don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. 

An clár nua ISA2  

maoiniú iomlán ar fáil don chlár ISA 2 don tréimhse 2016-2020 de thimpeall €131 milliún.   

Beidh an clár ag tacú le gníomhaíochtaí chun réitigh idir-inoibritheachta atá ann cheana a mheasúnú, a fheabhsú agus a athúsáid agus chun réitigh nua a fhorbairt. D'fhéadfadh sé go dtacófaí freisin le gníomhaíochtaí eile, mar shampla measúnú ar na himpleachtaí don teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a bheadh ag reachtaíocht nua an Aontais Eorpaigh, nó bearnaí a aimsiú sa reachtaíocht ar bac iad don idir-inoibritheacht idir comhlachtaí riaracháin phoiblí na hEorpa.  

Leis an téacs comhréitigh ón Uachtaránacht, tugtar isteach forálacha nua le hais bhuntéacs an Choimisiúin, maidir leis na critéir teidlíochta do ghníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a mhaioniú faoin gclár ISA 2 agus tugtar isteach freisin critéir d'ord tosaíochta na ngníomhaíochtaí.  Tá forálacha ann freisin chun an forluí a sheachaint agus chun an chomhsheasmhacht agus an comhordú a chinntiú le cláir eile de chuid an Aontais.

Chun go nglacfaí é, caithfidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an cinneadh a fhormheas. Níor vótáil an Pharlaimint fós maidir lena seasamh.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024