Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 11-12/06/2015, 11-12 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Is é is faide a thógann sé teacht ar chomhaontú maidir leis na rialacha ó thaobh na fánaíochta agus an idirlín oscailte de, is deacra a bheidh sé margadh aonair digiteach mar is ceart a chruthú. Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitvia

Teileachumarsáid  

Margadh aonair na teileachumarsáide  

Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas faoi staid reatha na dtograí le haghaidh margadh aonair teileachumarsáide (fánaíocht agus neodracht líonra) atá á gcaibidliú faoi láthair le Parlaimint na hEorpa. Phléigh na hAirí an togra le haghaidh margadh aonair teileachumarsáide freisin ag cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne a thionóil Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitiva, in éineacht leis an gCoimisinéir Günther Oettinger.  

“Ceann de phríomhthosaíochtaí na hUachtaránachta Laitviaí é digitiú na hEorpa”, arsa an tAire Matīss, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. “Is é is faide a thógann sé teacht ar chomhaontú maidir leis na rialacha ó thaobh na fánaíochta agus an idirlín oscailte de, is deacra a bheidh sé margadh aonair digiteach mar is ceart a chruthú. Líon mór Ballstát inniu, labhair siad faoina thábhachtaí atá sé comhaontú a bhaint amach le Parlaimint na hEorpa a luaithe agus is féidir, ach comhaontú ceart fiúntach seachas comhaontú díreach ar mhaithe le comhaontú."  

Slándáil líonraí agus faisnéise  

Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an togra maidir le slándáil líonraí agus faisnéise, togra atá faoi chaibidil faoi láthair le Parlaimint na hEorpa.  

Clár Idir-inoibritheachta na Seirbhísí Digiteacha ISA²  

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le clár idir-inoibritheachta do riarachán phoiblí, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa (ISA²). Tacóidh an clár sin leis an idirghníomhaíocht leictreonach idir earnálacha agus thar theorainneacha. Beidh feidhm aige ó 2016 go 2020.  

Conclúidí ón gComhairle maidir le haistriú na bhfeidhmeanna IANA  

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le feidhmeanna maoirseachta Údarás na n-Uimhreacha Sannta Idirlín (IANA) a aistriú chuig an bpobal il-gheallsealbhóirí. Is é an t-aistriú sin ceann de na próisis is tábhachtaí i ndáil le rialachas an Idirlíon i mbliana.  

An straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach  

Chuir na hAirí a dtuairimí in iúl faoin straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach, straitéis a ghlac an Coimisiún i mí na Bealtaine. Déanfaidh an Uachtaránacht achoimre ar phríomhtheachtaireachtaí na díospóireachta sin do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh.  

Inrochtaineacht an ghréasáin  

Mheas an Chomhairle an dul chun cinn a bhí déanta i ndáil le togra le go mbeadh suíomhanna gréasáin na hearnála poiblí níos inrochtaine. Tá obair sa bhreis fós ag teastáil go háirithe maidir le raon feidhme na rialacha nua. 

Tá ár seacht ndícheall déanta againn ar cholún an mhargaidh ach is léir go dteastaíonn a thuilleadh ama chun teacht ar chomhaontú polaitiúil, bunaithe ar chomhthuiscint leathan laistigh den Chomhairle.” Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitvia

Iompar

Soithí uiscebhealaí intíre  

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis na ceanglais theicniúla atá á mbeartú do shoithí uiscebhealaí intíre. Leis an dréacht-Treoir sin, táthar ag féachaint leis na nósanna imeachta a chomhchuibhiú i ndhá cheann de réimis éagsúla dlí (an tAontas Eorpach agus an Réin), rud atá riachtanach ar mhaithe leis na caighdeáin theicniúla chomhaontaithe a thabhairt cothrom le dáta.  

Oscailt an mhargaidh iarnróid agus cúrsaí rialachais  

Mheas na hAirí na moltaí i ndáil le rialachas agus oscailt an mhargaidhfaoi cholún an mhargaidh den cheathrú pacáiste iarnróid. “Tá ár seacht ndícheall déanta againn ar cholún an mhargaidh ach is léir go dteastaíonn a thuilleadh ama chun teacht ar chomhaontú polaitiúil, bunaithe ar chomhthuiscint leathan laistigh den Chomhairle.” arsa Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitiva, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. “Ag an am céanna, tá an plé le Parlaimint na hEorpa ag céim an-tábhachtach anois maidir leis an gcolún teicniúil agus ba cheart, má oibríonn gach páirtí de mheon na dea-thola, go bhféadfaí comhaontú a bhaint amach an tseachtain seo chugainn ag plé trípháirteach deiridh na hUachtaránachta Laitviaí.”  

Cearta aerphaisinéirí

Phléigh na hAirí freisin an dul chun cinn atá déanta i ndáil le rialacha an Aontais Eorpaigh faoi chearta aerphaisinéirí.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025