Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 22 Meitheamh 2015 09:55

Cuireann an Chomhairle oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais ar bun le smuigléirí agus le gáinneálaithe ar dhaoine i réigiún na Meánmhara a chur as riocht

Sheol an Chomhairle oibríocht chabhlaigh an Aontais Eorpaigh, ar a dtugtar "EUNAVFOR Med", in aghaidh smuigléirí agus gáinneálaithe ar dhaoine i réigiún na Meánmhara. Is é atá mar misean ag EUNAVFOR Med soithí agus sócmhainní cumasúcháin a úsáideann na smuigléirí nó na gáinneálaithe ar imircigh, nó a ceaptar iad a bheith á n-úsáid acu, a shainaithint, a urghabháil agus a dhiúscairt.

Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: 
"Ní raibh an tAontas Eorpach chomh dáiríre riamh faoi cheist na himirce agus atáimid anois. Leis an oibríocht seo, táimid ag díriú ar shamhail ghnó na ndaoine sin a bhaineann tairbhe as cruachás na n-imirceach a chur ó mhaith. Ach níl ansin ach cuid de straitéis níos leithne lena n-áirítear an comhar lenár gcomhpháirtithe san Afraic, go háirithe i réigiún na Saiheile, agus an obair atá á déanamh againn leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Mar Aontas, tá sé de rún daingean againn cabhrú le beatha daoine a shábháil, líonraí na smuigléirí daoine a bhaint dá chéile agus dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce."

Seolfar EUNAVFOR Med i gcéimeanna seicheamhacha, agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil agus an dlí maidir le dídeanaithe agus cearta an duine, á urramú ina iomláine. Dírítear le linn an chéad chéimar fhaireachas agus ar mheasúnú a dhéanamh ar na líonraí smuigleála agus na gáinneála ar dhaoine i nDeisceart na Meánmhara Láir. 

I ndara céim na hoibríochta, tá sé pleanáilte go ndéanfar soithí a bhfuiltear in amhras fúthu a chuardach, agus ansin, iad a urghabháil más gá. Leis an tríú céim, bheifí in ann na soithí agus na sócmhainní gaolmhara a dhiúscairt, sula mbainfear úsáid astu más féidir sin, agus na gáinneálaithe agus na smuigléirí a ghabháil. 

Measúnóidh an Chomhairle an tráth ar cheart dul ar aghaidh níos faide ná an chéad chéim seo, agus sainordú a fháil ó na Náisiúin Aontaithe mar aon le toiliú na stát ábhartha ar an gcósta, agus déanfar na céimeanna ina dhiaidh sin dá réir. 

Is sa Róimh atá an Cheanncheathrú Oibríochtúil ag EUNAVFOR Med. Ceapadh Seachairmiréal Enrico Credendino mar Cheannasaí na hOibríochta agus beidh tacaíocht ar muir aige ó Sheachairmiréal Andrea Guelglio, an Ceannasaí Fórsa. Meastar go mbeidh costais choiteanna ag an oibríocht de EUR 11.82 milliún don chéadchéim tionscanta dhá mhí agus don sainordú tosaigh 12 mí.

Is gné amháin é EUNAVFOR Med, a bunaíodh an 18 Bealtaine 2015, de chur chuige cuimsitheach agus níos leithne atá ag an Aontas maidir leis an imirce, trína bhféachfar le beatha daoine a shábháil gan mhoill, déileáil le cásanna éigeandála, dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce mírialta agus troid i gcoinne na ngáinneálaithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024