- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22/06/2015, 22 Meitheamh 2015
Na príomhthorthaí
An Imirce
Sheol an Chomhairle EUNAVFOR Med, oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais chun samhail ghnó na smuigléirí daoine i réigiún na Meánmhara a shuaitheadh. Is gné amháin é EUNAVFOR Med d'fhreagairt chuimsitheach an Aontais don dúshlán a bhaineann leis an imirce. Leis an gcinneadh seo, is féidir tús a chur le céad chéim na hoibríochta, ina ndírítear ar fhaireachas agus ar mheasúnú a dhéanamh ar smuigleáil daoine agus líonraí gáinneála.
Ní hiad na himircigh atá mar sprioc don oibríocht seo, is iad na smuigléirí agus na gáinneálaithe na spriocanna, mar aon leis na daoine a bheidh ag déanamh an iomarca airgid ar a gcuid saol agus ar a gcuid básanna go minic. Tá EUNAVFOR Med mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun beatha daoine a shábháil.” arsa Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an méid seo a leanas: Ní hiad na himircigh atá mar sprioc don oibríocht seo, is iad na smuigléirí agus na gáinneálaithe na spriocanna, mar aon leis na daoine a bheidh ag déanamh an iomarca airgid ar a gcuid saol agus ar a gcuid básanna go minic. Tá EUNAVFOR Med mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun beatha daoine a shábháil.”
An Rúis
Chuir an Chomhairle síneadh le srianta eacnamaíocha an Aontais maidir leis an ról atá ag an Rúis in Oirthear na hÚcráine a dhíchobhsú go dtí an 31 Eanáir 2016. Tá an méid sin mar thoradh ar chomhaontú ar thángthas ceannairí an Aontais Eorpaigh air chun nasc a dhéanamh idir fad na smachtbhannaí sin le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, atá beartaithe faoin 31 Nollaig 2015.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Indicative programme - Foreign Affairs Council, 22/06/2015
- Clár oibre sealadach, cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an 22 Meitheamh 2015
- Liosta na míreanna A agus na ngníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, an 22 Meitheamh 2015
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A agus na ngníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, an 22 Meitheamh 2015
- Background brief
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh don Áise Láir - 22/06/2015
Conclúidí ón gComhairle maidir leis na toghcháin atá le teacht i Maenmar/i mBurma - 22/06/2015
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (AE-ASEAN) - 22/06/2015
Tuarascáil Bhliantúil AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas ar fud an Domhain in 2014 - 22/06/2015
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBurúin - 22/06/2015
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Liobáin - 22/06/2015
Cuireann an Chomhairle oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais ar bun le smuigléirí agus le gáinneálaithe ar dhaoine i réigiún na Meánmhara a chur as riocht - 22/06/2015
An Rúis: Cuireann an tAontas Eorpach síneadh sé mhí leis na smachtbhannaí eacnamaíocha - 22/06/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025