- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 15 Feabhra 2016 16:45
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBealarúis
- Ag meabhrú di na conclúidí ón gComhairle dar dáta an 31 Eanáir 2011, an 20 Meitheamh 2011, an 23 Márta 2012 agus an 15 Deireadh Fómhair 2012, aibhsíonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann, dar léi, leis an gcaidreamh le Poblacht na Bealarúise agus lena muintir.
- Ag an am céanna, is cúis imní don Chomhairle i gcónaí an cás maidir le cearta an duine sa Bhealarúis agus meabhraíonn sí gur cheart go mbunófaí an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis ar luachanna coitinne, go háirithe urraim do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta.
- Aithníonn an Chomhairle na céimeanna a ghlac an Bhealarúis le dhá bhliain anuas lenar cuireadh leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis a fheabhsú, amhail rannpháirtíocht réamhghníomhach na Bealarúise i gComhpháirtíocht an Oirthir agus sna cruinnithe idirthréimhse maidir le saincheisteanna nuachóirithe, atosú an idirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis, an tús a cuireadh leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú agus leis an gComhaontú um Athligean Isteach agus maidir le Comhpháirtíocht Soghluaisteachta, saothrú gníomhach an chomhair i ndáil le comhchuibhiú na margaí digiteacha agus síniú Comhaontú Comhair maidir le Sásra Luathrabhaidh san earnáil fuinnimh. Is mór ag an gComhairle ról cuiditheach na Bealarúise sa réigiún freisin.
- Céim a bhí á iarraidh go seasta ag an Aontas Eorpach le fada an lá ab ea scaoileadh na bpríosúnach polaitíochta uile a bhí fós i ngéibheann, ar an 22 Lúnasa 2015. Mar fhreagairt ar an scaoileadh sin agus ar na toghcháin uachtaránachta ar an 11 Deireadh Fómhair 2015 a reáchtáladh faoi chúinsí a bhí saor ón bhforéigean, agus aird á tabhairt ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis ar an iomlán, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2015 maidir le fionraí ceithre mhí a chur ar an gcuid is mó de na bearta sriantacha.
Aithníonn an Chomhairle go bhfuil deis ann an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis a fhorbairt ar bhonn níos dearfaí agus gur féidir dul chun cinn i raon réimsí a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí bhealaí cumarsáide feabhsaithe. - Sa chomhthéacs sin, comhaontaíonn an Chomhairle nach gcuirfidh an tAontas síneadh leis na bearta sriantacha i gcás 170 duine aonair ná i gcás trí chuideachta a bhfuil a liostú ar fionraí faoi láthair. Comhaontaíonn an Chomhairle, ina theannta sin, maidir leis an trádbhac ar airm agus leis na bearta sriantacha a bhaineann leis an gceathrar daoine aonair a liostaítear i dtaca leis an mbeirt pholaiteoirí ón bhfreasúra, le fear gnó amháin agus le hiriseoir amháin a chuaigh ar iarraidh agus nár réitíodh na cásanna maidir leo, go gcuirfear síneadh leo go ceann tréimhse 12 mhí.
- Ag féachaint do thoghcháin pharlaiminteacha 2016 na Bealarúise, tathantaíonn an Chomhairle ar údaráis na Bealarúise na moltaí ó thuarascáil dheiridh ESCE/ODIHR (an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine) maidir le reáchtáil na dtoghchán Uachtaránachta ar an 11 Deireadh Fómhair 2015 a thabhairt chun cinn go pras, lena n-áirítear na moltaí maidir leis an gcreat dlí agus nós imeachta. Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil an Bhealarúis ag éirí níos oscailte don idirphlé agus don chomhar le ESCE/ODIHR. Meabhraíonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann, dar léi, leis an réimse sin a fheabhsú mar aon le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reactha sa Bhealarúis a urramú.
- Cáineann an Chomhairle úsáid phionós an bháis sa Bhealarúis, agus is olc léi go háirithe an dá phianbhreith báis a fógraíodh le déanaí, agus tathantaíonn sí ar údaráis na Bealarúise moratorium a bhunú mar chéad chéim lena dhíothú. Tá an Chomhairle ag súil le himeachtaí saineolaithe agus poiblí atá le teacht i ndáil le pionós an bháis, imeachtaí atá beartaithe don bhliain 2016.
Athdhearbhaíonn an Chomhairle an iarraidh a rinne sí maidir le cearta sibhialta agus polaitiúla iar-phríosúnaigh pholaitiúla a thabhairt ar ais dóibh agus leagann sí béim ar an ngá atá ann saoirse comhlachais agus comhthionóil a áirithiú, lena n-áirítear trí chlárú a cheadú d'eagraíochtaí polaitiúla agus d'eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta. Cuireann an Chomhairle in iúl go láidir a thábhachtaí atá sochaí shibhialta bhríomhar do leas sóisialta agus eacnamaíoch na tíre, agus iarrann sí ar údaráis na Bealarúise ligean don tsochaí shibhialta a bheith níos gníomhaí sa phlé ar bheartas rialtais. Sa bhreis air sin, tathantaíonn an Chomhairle ar údaráis na Bealarúise fáil réidh le gach bac i dtaobh meáin shaora neamhspleácha a chleachtadh, lena n-áirítear trí sholáthraithe nua meán a chlárú agus iriseoirí a chreidiúnú. Sa bhreis air sin, iarrann an Chomhairle ar an mBealarúis urraim a léiriú do chearta na ndaoine sin ar de mhionlaigh náisiúnta iad. Leanfaidh an Chomhairle de shúil ghéar a choinneáil ar an staid ina thaobh sin. - Is díol sásaimh don Chomhairle gur atosaíodh an t-idirphlé maidir le cearta an duine idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis agus tá sí ag súil leis an gcéad bhabhta eile, ar ofráil an Bhealarúis é a óstáil i Mionsc ag deireadh an earraigh. In éineacht le rannpháirtíocht na Bealarúise in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann 2015, is céimeanna dearfacha iad sin agus forálann an Chomhairle ar údaráis na Bealarúise leanúint leis an obair sna réimsí sin agus iarrann sí ar an mBealarúis an méid sin a dhéanamh le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.
Ina theannta sin, iarrann an tAontas ar an mBealarúis obair leantach a dhéanamh mar thoradh ar na moltaí a rinne comhlachtaí conarthacha na Náisiún Aontaithe agus comhoibriú go hiomlán le nósanna imeachta speisialta na Náisiún Aontaithe - lena n-áirítear leis an Rapóirtéir Speisialta maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis - agus le sásraí eile. Spreagann an Chomhairle comhar níos mó idir an Bhealarúis agus Comhairle na hEorpa chun go mbeidh sí ina comhalta iomlán.
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil an tAontas sásta cuidiú leis an mBealarúis a cuid dualgas a chomhlíonadh i ndáil leis an daonlathú agus cearta an duine a urramú ina n-iomláine, agus tá sí ag súil le plé a dhéanamh ar na ceisteanna sin go luath ar leibhéal déthaobhach. - Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí lántiomanta an gaol idir an tAontas agus muintir na Bealarúise agus sochaí shibhialta na Bealarúise a neartú. Tá sé fíorthábhachtach, dar leis an Aontas go ndéanfaí teagmhálacha idir daoine a fheabhsú leis an mBealarúis, rud a spreagfaí trí chláir amhail Erasmus+, agus tá sé ag súil leis an idirbheartaíocht a thabhairt chun críche go mear agus le síniú an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú, an Chomhaontaithe um Athligean isteach agus na Comhpháirtíochta Soghluaisteachta.
- Athdhearbhaíonn an Chomhairle gur gnéithe tábhachtacha iad an dea-chaidreamh comharsanachta agus an comhar réigiúnach d'fhonn an comhar idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis a mhéadú. Ag meabhrú di na Conclúidí uaithi dar dáta an 20 Iúil 2015 maidir le taidhleoireacht fuinnimh, athdhearbhaíonn an Chomhairle a thábhachtaí atá sé sábháilteacht núicléach a áirithiú lasmuigh de theorainneacha an Aontais agus iarrann sí ar an mBealarúis comhoibriú ar bhealach cuiditheach leis na húdaráis idirnáisiúnta ábhartha i ndáil leis sin.
- Tá an Chomhairle fós sásta an caidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis a fhorbairt tuilleadh agus céimeanna breise a ghlacadh d'fhonn caidreamh polaitiúil agus comhar earnálach a fheabhsú sa chomhthéacs iomchuí. Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún tús a chur le comhar nasctha leis an mBealarúis i mbliana. Leagann sí béim ar thábhacht an athbhreithnithe ar Bheartas Comharsanacht na hEorpa (BCE) agus tugann sí dá haire go dtugtar deis mhaith cur chuige difreáilte a chur i bhfeidhm leis an mBealarúis. Dá bhrí sin, bheartaigh an Chomhairle dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart sin ina ndírítear ar an gcomhar idir an tAontas agus an Bhealarúis a fheabhsú i roinnt réimsí a bhaineann leis an eacnamaíocht, le trádáil agus leis an gcúnamh, agus é mar aidhm leo an Bhealarúis agus a geilleagar a nuachóiriú agus ar mhaithe le pobal na Bealarúise, lena n-áirítear i bhfianaise a h-aontachais leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus i gcomhar le hInstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, go háirithe BEI agus BEAF i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach. Forálann an Chomhairle ar an mBealarúis freisin dlús a chur lena hathchóirithe eacnamaíocha, athchóirithe atá ag teastáil go géar. Maidir le beartas an Aontais i leith na Bealarúise amach anseo a chóiriú, beidh sé fíorthábhachtach go nglacfaidh an Bhealarúis céimeanna nithiúla lena dtabharfar urraim do shaoirsí bunúsacha uilíocha, don smacht reachta agus do chearta an duine.
- Coinneoidh an Chomhairle súil ghéar ar obair Ghrúpa Comhordaithe an Aontais agus na Bealarúise, a dhéanfar mar thoradh ar an idirthréimhse maidir le saincheisteanna nuachóirithe, lena n-áirítear clár oibre ina mbeidh saincheisteanna ar chearta an duine agus tá sí ag coinne le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa mhéid sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024